+Airteagal 325f Ceanglais cistí dílse maidir le►C12riosca◄deilte agus vega
---+Airteagal 325f 1.
---+Airteagal 325f 2.
---+Airteagal 325f 3.
---+Airteagal 325f 4.
---+Airteagal 325f 5.
---+Airteagal 325f 6.
---+Airteagal 325f 7.
---+Airteagal 325f 8.

Airteagal 325f Ceanglais cistí dílse maidir le►C12riosca◄deilte agus vega

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325f 1.
Cuirfidh institiúidí na fachtóirí ►C12  riosca ◄ deilte agus vega i bhfeidhm mar a thuairiscítear i bhForoinn 1 de Roinn 3 chun ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12  riosca ◄ deilte agus vega a ríomh.
Airteagal 325f 2.
Cuirfidh institiúidí an próiseas i bhfeidhm mar a leagtar amach i míreanna 3 go 8 chun ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12  riosca ◄ deilte agus vega a ríomh.
Airteagal 325f 3.
Maidir le gach aicme phriacail, déanfar íogaireacht na n-ionstraimí uile faoi raon feidhme na gceanglas cistí dílse le haghaidh ►C12  riosca ◄ deilte nó vega ar gach fachtóir ►C12  riosca ◄ deilte nó vega is infheidhme atá san áireamh san aicme phriacail sin, déanfar sin a ríomh trí na foirmlí comhfhreagracha i bhForoinn 2 de Roinn 3 a úsáid. Má bhíonn luach ionstraime ag brath ar an iliomad fachtóirí ►C12  riosca ◄ , déanfar an íogaireacht a chinneadh ar leithligh maidir le gach fachtóir ►C12  riosca ◄ .
Airteagal 325f 4.
Déanfar íogaireachtaí a shannadh do cheann amháin de na buicéid “b” laistigh de gach aicme phriacail.
Airteagal 325f 5.
Laistigh de gach buicéad “b”, déanfar na híogaireachtaí deimhneacha agus diúltacha a ghlanluacháil, as a dtagann glaníogaireachtaí (sk) ar gach fachtóir ►C12  riosca ◄ k laistigh de bhuicéad.
Airteagal 325f 6.

Déanfar na glaníogaireachtaí ar gach fachtóir ►C12  riosca ◄ laistigh de gach buicéad a iolrú faoi na hualuithe ►C12  riosca ◄ chomhfhreagracha mar a leagtar amach i Roinn 6, as a dtiocfaidh íogaireachtaí ualaithe ar gach fachtóir ►C12  riosca ◄ laistigh den bhuicéad sin i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

WSk = RWk · sk
nuair:

WSk

=

na híogaireachtaí ualaithe;

RWk

=

na hualuithe ►C12  riosca ◄ ; agus

sk

=

an fachtóir ►C12  riosca ◄ .

Airteagal 325f 7.

Déanfar na híogaireachtaí ualaithe ar na fachtóirí ►C12  riosca ◄ difriúla laistigh de gach buicéad a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle thíos, mar a socraítear íosteorainn an mhéid laistigh den fheidhm fréimhe cearnaí ag nialas, as a dtagann an íogaireacht bhuicéad-shonrach. Úsáidfear na comhghaolta comhfhreagracha maidir le híogaireachtaí ualaithe laistigh den bhuicéad céanna (ρkl), a leagtar amach i Roinn 6.

image

nuair:

Kb

=

an íogaireacht bhuicéad-shonrach; agus

WS

=

na híogaireachtaí ualaithe.

Airteagal 325f 8.

Déanfar an íogaireacht bhuicéad-shonrach a ríomh maidir le gach buicéad atá laistigh d'aicme phriacail i gcomhréir le mír 5, mír 6 agus mír 7. Nuair a ríomhfar an íogaireacht bhuicéad-shonrach i leith na mbuicéad go léir, déanfar íogaireachtaí ualaithe ar gach fachtóir ►C12  riosca ◄ a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle thíos, trí na comhghaolta comhfhreagracha γbc maidir le híogaireachtaí ualaithe i mbuicéad difriúla a úsáid mar a leagtar amach i Roinn 6, as a dtagann an ceanglas cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme phriacail do phriacal deilte nó vega:

image

nuair:

▼C7

Sb

=

Σk WSk atá maidir le gach fachtóir ►C12  riosca ◄ i mbuicéad b agus Sc = Σk i mbuicéad c; i gcás ina ngineann suim luachanna Sb agus Sc uimhir dhiúltach mar shuim fhoriomlán image, déanfaidh an institiúid ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme phriacail do phriacal deilte nó vega ar leith a ríomh trí úsáid a bhaint as sonrú malartach i gcás ina bhfuil

▼M8

Sb

=

max [min (Σk WSk, Kb), – Kb] maidir le gach fachtóir ►C12  riosca ◄ i mbuicéad b, agus

Sc

=

max [min (Σk WSk, Kc), – Kc] maidir le gach fachtóir ►C12  riosca ◄ i mbuicéad c.

Déanfar na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12  riosca ◄ deilte nó vega a bhaineann go sonrach le haicme phriacail ar leith a ríomh maidir le gach aicme phriacail i gcomhréir le míreanna 1 go 8.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas