Déanfaidh institiúidí ceann amháin de na fachtóirí iolraithe iomchuí arna liostú i dTábla 1 a chur i bhfeidhm ar ghlaníogaireachtaí na suíomhanna frithgheallta i ngach eisitheoir aonair, seachas na suíomhanna frithgheallta a ndéantar a shuibscríobh nó a fho-fhrithghealladh ag tríú páirtithe ar bhonn comhaontuithe foirmiúla, agus déanfaidh siad na ceanglais cistí dílse le haghaidh
►C12
riosca ◄ margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach sa Chaibidil seo ar bhonn na nglaníogaireachtaí coigeartaithe.
Tábla 1
|
Lá gnó 0
|
0 %
|
|
Lá gnó 1
|
10 %
|
|
Lá gnó 2 agus 3
|
25 %
|
|
Lá gnó 4
|
50 %
|
|
Lá gnó 5
|
75 %
|
|
Tar éis lá gnó 5
|
100 %
|
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “lá gnó 0” an lá gnó ar a dtabharfaidh an institiúid gealltanas gan choinníoll glacadh le líon áirithe urrús ar phraghas comhaontaithe.