+Airteagal 325z Méideanna na mainneachtana gan choinne
---+Airteagal 325z 1.
---+Airteagal 325z 2.
---+Airteagal 325z 3.
---+Airteagal 325z 4.
---+Airteagal 325z 5.

Airteagal 325z Méideanna na mainneachtana gan choinne

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325z 1.
Is éard a bheidh sna hollmhéideanna mainneachtana gan choinne i gcomhair ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsúcháin a luach margaidh, nó, mura bhfuil fáil ar a luach margaidh, a luach cóir a chinnfear i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.
Airteagal 325z 2.
Déanfar glanmhéideanna mainneachtana gan choinne a chinneadh trí ollmhéideanna mainneachtana fadtéarmacha gan choinne agus ollmhéideanna mainneachtana gearrthéarmacha gan choinne a fhritháireamh. Ní fhéadfar fritháireamh a dhéanamh ach amháin idir ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsúcháin a bhfuil an comhthiomsú sócmhainní foluiteacha céanna acu agus ar leis an tráinse céanna iad. Ní cheadófar aon fhritháireamh idir ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsúcháin a bhfuil comhthiomsuithe sócmhainní foluiteacha difriúla acu, fiú amháin i gcás inarb ionann na pointí astaithe agus na pointí dí-astaithe.
Airteagal 325z 3.
I gcás inar féidir ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsaithe eile atá ann cheana a aithris go hiomlán, trí ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsúcháin atá ann cheana a dhí-chomhdhéanamh nó a chumasc, seachas gné na haibíochta, féadfar na ►C12  neamhchosainti ◄ a thiocfaidh as an dí-chomhdhéanamh sin nó as an gcumasc sin a úsáid in ionad na ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsúcháin atá ann cheana chun críche fritháirimh.
Airteagal 325z 4.
I gcás inar féidir struchtúr tráinse iomláin ►C12  neamhchosainta ◄ urrúsúcháin atá ann cheana a aithris go hiomlán, trí ►C12  neamhchosainti ◄ atá ann cheana a dhí-chomhdhéanamh nó a chumasc in ainmneacha foluiteacha, féadfar na ►C12  neamhchosainti ◄ a thiocfaidh as an dí-chomhdhéanamh sin nó as an gcumasc sin a úsáid in ionad na ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsúcháin atá ann cheana chun críche fritháirimh. I gcás ina n-úsáidfear ainmneacha foluiteacha ar an dóigh sin, ní dhéanfar déileáil leo a thuilleadh mar phriacal mainneachtana neamh-urrúsúcháin.
Airteagal 325z 5.
Beidh feidhm ag Airteagal 325x maidir le ►C12  neamhchosainti ◄ ar urrúsúcháin atá ann cheana agus maidir le ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsúcháin a úsáidfear i gcomhréir le mír 3 nó le mír 4 den Airteagal seo. Is éard a bheidh sna haibíochtaí ábhartha aibíochtaí ábhartha na dtráinsí urrúsúcháin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas