+Airteagal 325az Cur chuige na samhla inmheánaí malartaí agus cead samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid
---+Airteagal 325az 1.
---+Airteagal 325az 2.
---+Airteagal 325az 3.
---+Airteagal 325az 4.
---+Airteagal 325az 5.
---+Airteagal 325az 6.
---+Airteagal 325az 7.
---+Airteagal 325az 8.
---+Airteagal 325az 9.
---+Airteagal 325az 10.

Airteagal 325az Cur chuige na samhla inmheánaí malartaí agus cead samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325az 1.
Féadfaidh institiúid an cur chuige malartach samhla inmheánaí a úsáid chun a ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an institiúid na ceanglais uile a leagtar síos sa Chaibidil seo.
Airteagal 325az 2.

Tar éis dóibh a fhíorú gur chomhlíon na hinstitiúidí na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 325bh, 325bi agus 325bj, ceadóidh údaráis inniúla d'institiúidí a gceanglais cistí dílse féin do phunann na suíomhanna go léir arna sannadh do dheasca trádála a ríomh trí úsáid a bhaint as a samhlacha inmheánacha i gcomhréir le hAirteagal 325ba, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:

(a) 

bunaíodh na deasca trádála i gcomhréir le hAirteagal 104b;

(b) 

tá sé mínithe ag an institiúid don údarás inniúil cad chuige ar chuimsigh sí deasca trádála i raon feidhme chur chuige na samhla inmheánaí malartaí;

▼M17

(c) 

tá na ceanglais chúltástála dá dtagraítear in Airteagal 325bf(3) á gcomhlíonadh ag na deasca trádála;

(d) 

tá na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais (“sannadh B&C”) dá dtagraítear in Airteagal 325bg á gcomhlíonadh ag na deasca trádála;

▼M8

(e) 

maidir le deasca trádála ar sannadh ceann amháin de na suíomhanna leabhair trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bl, comhlíonann na deasca trádála na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 325bm maidir leis an tsamhail phriacail mainneachtana inmheánach;

(f) 

níor sannadh aon suíomhanna urrúsúcháin ná aon suíomhanna ath-urrúsúcháin do na deasca trádála;

▼M17

(g) 

níl aon suíomh i ngnóthais chomhinfheistíochta a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 104(8), pointe (b), sannta do na deasca trádála.

▼M8

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh sé ina dhreasacht gan deasca trádála a chuimsiú i raon feidhme chur chuige na samhla inmheánaí malartaí go mbeadh an ceanglas cistí dílse arna ríomh faoin gcur chuige malartach caighdeánaithe a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 325(3) níos ísle ná an ceanglas cistí dílse arna ríomh faoi chur chuige na samhla inmheánaí malartaí;

Airteagal 325az 3.
Institiúidí ar deonaíodh cead dóibh chun an cur chuige malartach samhla inmheánaí a úsáid, déanfaidh siad an ceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 325(3) a chomhlíonadh freisin.
Airteagal 325az 4.
Tabharfaidh institiúid dar tugadh an cead dá dtagraítear i mír 2 a fógra gan mhoill dá húdaráis inniúla i gcás nach gcomhlíonfaidh ceann dá deasca trádála a thuilleadh ceann amháin, ar a laghad, de na ceanglais a leagtar amach sa mhír sin. Ní cheadófar a thuilleadh don institiúid an Caibidil sin a chur i bhfeidhm maidir le haon cheann de na suíomhanna a shanntar don deasc trádála sin agus déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse i gcomhair ►C12  riosca ◄ margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach i gCaibidil 1a maidir leis na suíomhanna uile a shanntar don deasc trádála sin ón dáta tuairiscithe is luaithe agus go dtí go léireoidh an institiúid do na húdaráis inniúla go bhfuil na ceanglais go léir a leagtar amach i mír 2 á gcomhlíonadh ag an deasc trádála.
Airteagal 325az 5.
De mhaolú ar mhír 4, in imthosca neamhghnácha, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúid leanúint dá samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid chun críche ceanglais cistí dílse i gcomhair ►C12  riosca ◄ margaidh deisce trádála a ríomh nach gcomhlíonann na coinníollacha a thuilleadh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 325bg(1). Nuair a fheidhmeoidh údaráis inniúla an rogha sin, tabharfaidh siad fógra do ÚBE agus tabharfaidh siad bunús leis an gcinneadh sin.
Airteagal 325az 6.
Maidir le suíomhanna a shanntar do na deasca trádála nach bhfuil an cead dá dtagraítear i mír 2 faighte ina dtaobh ag institiúid, déanfaidh an institiúid sin na ceanglais cistí dílse i gcomhair ►C12  riosca ◄ margaidh a ríomh i gcomhréir le Caibidil 1a den Teideal seo. Chun críocha an ríomha sin, déanfar na suíomhanna sin go léir a mheas ar bhonn leithleach mar phunann ar leithligh.
Airteagal 325az 7.
Maidir le hathruithe ábhartha ar úsáid na samhlacha inmheánacha malartacha a bhfuil cead faighte ag institiúid lena n-úsáid, maidir le síneadh ar úsáid na samhlacha inmheánacha malartacha a bhfuil cead faighte ag an institiúid lena n-úsáid, agus maidir le hathruithe ábhartha ar rogha na hinstitiúidí d'fho-thacar na bhfachtóirí ►C12  riosca ◄ insamhaltaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), éileofar leis na hathruithe sin cead ar leithligh ó na húdaráis inniúla.

Cuirfidh na hinstitiúidí na húdaráis inniúla ar an eolas maidir leis na síntí agus na hathruithe uile ar fad a dhéanfar ar an úsáid a bhaintear as na samhlacha inmheánacha malartacha dá bhfuil cead faighte ag an institiúid.

Airteagal 325az 8.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a) 

na coinníollacha faoina ndéanfar measúnú ar ábharthacht na síntí agus na n-athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha agus ar athruithe ar bhfo-thacar na bhfachtóirí ►C12  riosca ◄ insamhaltaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bc;

▼M17

(b) 

an mhodheolaíocht measúnaithe faoina bhfíoraíonn údaráis inniúla an gcomhlíonann institiúid na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo.

▼M8

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2024.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 325az 9.
Eiseoidh ÚBE tuairim i dtaobh arbh ann d'imthosca urghnácha mar a thagraítear dóibh i mír 5 den Airteagal seo agus in Airteagal 325bf(6), an dara fomhír.

Chun an tuairim sin a sholáthar, déanfaidh ÚBE faireachán ar dhálaí an mhargaidh chun a mheasúnú arbh ann d'imthosca urghnácha agus i gcás inarb amhlaidh gurbh ann dóibh, tabharfaidh sé fógra láithreach don Choimisiún ina leith.

Airteagal 325az 10.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na coinníollacha agus na táscairí a shonrú atá le húsáid ag ÚBE chun a chinneadh arbh ann d'imthosca urghnácha.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas