+Airteagal 325ba Ceanglais cistí dílse nuair a úsáidtear samhlacha inmheánacha
---+Airteagal 325ba 1.
---+Airteagal 325ba 2.
---+Airteagal 325ba 3.

Airteagal 325ba Ceanglais cistí dílse nuair a úsáidtear samhlacha inmheánacha

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325ba 1.

Ríomhfaidh institiúid,a úsáideann samhail inmheánach mhalartach na ceanglais cistí dílse maidir le punann na suíomhanna uile a shannfar do na deasca trádála, ar tugadh, don institiúid sin, an cead ina dtaobh dá dtagraítear in Airteagal 325az(2), mar an luach is airde de na luachanna seo a leanas:

(a) 

suim na luachanna seo a leanas:

(i) 

tomhas ►C12  riosca ◄ easnaimh ionchasaigh na hinstitiúide le haghaidh an lae roimhe sin arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325bb (ESt-1), agus

(ii) 

tomhas ►C12  riosca ◄ cáis struis na hinstitiúide don lá roimhe sin arna ríomh i gcomhréir le Roinn 5 (SS t-1); nó

(b) 

suim na luachanna seo a leanas:

(i) 

meánluach thomhas ►C12  riosca ◄ easnaimh ionchasaigh laethúil na hinstitiúide arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325bb do gach lá den seasca lá gnó roimhe sin (ESavg), arna iolrú faoin bhfachtóir iolrúcháin (mc); agus

(ii) 

meánluach thomhas ►C12  riosca ◄ cáis struis laethúil na hinstitiúide arna ríomh i gcomhréir le Roinn 5 do gach lá den seasca lá gnó roimhe sin (SSavg).

I gcás ina ríomhtar ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh ag úsáid samhail inmheánach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ní áireoidh institiúid a raonta difríochta creidmheasa féin le linn di na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a ríomh maidir le suíomhanna in ionstraimí fiachais dílse na hinstitiúide.

Airteagal 325ba 2.

Comhlíonfaidh institiúidí a bhfuil suíomhanna acu in ionstraimí fiachais thrádáilte agus cothromais a thagann faoi raon feidhme na samhla ►C12  riosca ◄ mainneachtana inmheánaí agus a shanntar do na deasca trádála dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh siad ceanglas cistí dílse breise arna shloinneadh mar an luach is airde de na luachanna seo a leanas:

▼C12

(a) 

an ceanglas cistí dílse is déanaí le haghaidh riosca mainneachtana, arna ríomh i gcomhréir le Roinn 3;

▼M8

(b) 

meán an mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) thar an 12 sheachtain roimhe sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní bheidh institiúid faoi réir an cheanglais cistí dílse breise maidir le sealúchais a hionstraimí fiachais féin.

Airteagal 325ba 3.

I gcás institiúid a úsáideann samhail inmheánach mhalartach, déanfaidh sí iomlán na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcás na suíomhanna leabhair trádála uile agus na suíomhanna leabhair neamhthrádála uile a ghineann riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

image

i gcás inarb amhlaidh gur:

AIMA

= suim na gceanglas cistí dílse dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2;

PLAaddon

= an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear in Airteagal 325bg(2);

ASAnon-aima

= na ceanglais cistí dílse arna ríomh le haghaidh riosca margaidh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (a), i gcás phunann na suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála a ghineann riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí a n-úsáideann an institiúid an cur chuige caighdeánaithe malartach ina leith chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh;

ASAallportfolio

= na ceanglais cistí dílse arna ríomh le haghaidh riosca margaidh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (a), i gcás phunann na suíomhanna leabhair trádála uile agus na suíomhanna leabhair neamhthrádála uile a ghineann riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí;

ASAaima

= na ceanglais cistí dílse arna ríomh le haghaidh riosca margaidh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (a), i gcás phunann na suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála a ghineann riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí a n-úsáideann an institiúid an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), ina leith chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas