+Airteagal 357 Suímh i dtráchtearraí
---+Airteagal 357 1.
---+Airteagal 357 2.
---+Airteagal 357 3.
---+Airteagal 357 4.

Airteagal 357 Suímh i dtráchtearraí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 357 1.
Sloinnfear gach suíomh i dtráchtearraí nó i ndíorthaigh tráchtearraí i dtéarmaí an aonaid tomhais chaighdeánaigh. Sloinnfear an spotphraghas i ngach tráchtearra san airgeadra tuairiscithe.
Airteagal 357 2.
Measfar go bhfuil suímh in ór nó i ndíorthaigh óir faoi réir ►C9  riosca ◄ malairte eachtraí agus láimhseálfar iad i gcomhréir le Caibidil 3 nó Caibidil 5, mar is iomchuí, ar mhaithe le ►C9  riosca ◄ tráchtearraí a ríomh.
Airteagal 357 3.
Chun críocha Airteagal 360(1), is glansuíomh institiúide i ngach tráchtearra a bheidh i mbarrachas a suíomh fada thar a suímh ghearra, nó a mhalairt, sa tráchtearra céanna agus i dtodhchaíochtaí tráchtearraí, i roghanna agus i mbarántais chomhionanna. Láimhseálfar ionstraimí díorthacha, mar atá leagtha síos in Airteagal 358, mar shuímh sa tráchtearra foluiteach.
Airteagal 357 4.

Ar mhaithe le suíomh i dtráchtearra a ríomh, láimhseálfar na suímh seo a leanas mar shuímh sa tráchtearra céanna:

(a) 

suímh i bhfo-chatagóirí éagsúla tráchtearraí i gcás ina bhfuil na fochatagóirí inseachadta i gcoinne a chéile;

(b) 

suímh i dtráchtearraí comhchosúla más dlúthionadaithe iad agus nuair is féidir comhghaol íosta 0.9 idir ghluaiseachtaí praghsanna a bhunú go soiléir thar íostréimhse bliana.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas