Airteagal 381
An Bhrí atá le Coigeartú Luachála Creidmheasa
Chun críocha an Teidil seo agus Chaibidil 6 de Theideal II, ciallaíonn “Coigeartú Luachála Creidmheasa” nó “CVA” coigeartú ar luacháil mheánmhargaidh na punainne idirbheart le contrapháirtí. Léirítear leis an gcoigeartú sin margadhluach reatha
►C9
riosca ◄ creidmheasa an chontrapháirtí i leith na hinstitiúide, ach ní léirítear leis margadhluach reatha
►C9
riosca ◄ creidmheasa na hinstitiúide i leith an chontrapháirtí.
▼M17
Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn “riosca CVA” an riosca go n-eascróidh caillteanais as athruithe ar luach CVA, arna ríomh le haghaidh phunann na n-idirbheart le contrapháirtí mar a leagtar amach sa chéad mhír, mar gheall ar ghluaiseachtaí i bhfachtóirí riosca um raon difríochta creidmheasa contrapháirtí agus i bhfachtóirí riosca eile atá leabaithe i bpunann na n-idirbheart.
▼B