+Airteagal 394 4.

Airteagal 394 4.

Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na critéir chun eintitis scáthbhaincéireachta dá dtagraítear i mír 2 a shainaithint.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, cuirfidh UBÉ san áireamh forbairtí idirnáisiúnta agus caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le scáthbhaincéireacht agus déanfaidh sé na nithe seo a leanas a mheas:

(a) 

go bhféadfaidh ►C12  riosca ◄ do shuíomh sócmhainneachta nó do shuíomh leachtachta na hinstitiúide a bheith ag baint leis an gcaidreamh le heintiteas aonair nó le grúpa eintiteas;

(b) 

ar cheart eintitis atá faoi réir ceanglais sócmhainneachta nó ceanglais leachtachta atá cosúil lena leagtar síos leis an Rialachán seo agus le Treoir (AE) 2013/69/AE, a eisiamh ina n-iomláine nó a pháirteisiamh ón oibleagáid a bheith tuairiscithe dá dtagraítear i mír 2 maidir le heintitis scáthbhaincéireachta.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas