+Airteagal 394 Ceanglais tuairiscithe
---+Airteagal 394 1.
---+Airteagal 394 2.
---+Airteagal 394 3.
---+Airteagal 394 4.
|
Airteagal 394 Ceanglais tuairiscithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 394 1.
|
Tabharfaidh institiúidí tuairisc dá n-údaráis inniúla ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir le gach
►C12
neamhchosaint ◄ mhór atá ina seilbh acu, lena n-áirítear
►C12
neamhchosainti ◄ móra atá eisiata ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1):
(a)
céannacht an chliaint nó an ghrúpa cliant atá nasctha le chéile a bhfuil
►C12
neamhchosainti ◄ mhór ag an institiúid orthu;
(b)
luach na
►C12
neamhchosainta ◄ sula gcuirtear san áireamh éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa, i gcás inarb infheidhme;
(c)
i gcás ina n-úsáidtear é, cineál na cosanta creidmheasa cistithe nó neamhchistithe;
(d)
luach na
►C12
neamhchosainta ◄ , tar éis éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa arna ríomh chun críocha Airteagal 395(1) a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme.
Institiúidí atá faoi réir Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, tabharfaidh siad tuairisc dá n-údaráis inniúla ar an 20
►C12
neamhchosaint ◄ is mó ar bhonn comhdhlúite atá acu, cé is moite de na
►C12
neamhchosainti ◄ sin atá eisiata ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1). Ina theannta sin, tabharfaidh institiúidí tuairisc dá n-údaráis inniúla ar bhonn comhdhlúite ar
►C12
neamhchosainti ◄ ag a bhfuil luach atá níos mó ná EUR 300 milliún nó cothrom leis an méid sin ach atá níos lú ná 10 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide.
|
|
Airteagal 394 2.
|
►M17
De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh institiúidí tuairisc dá n-údaráis inniúla ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir leis na 10 neamhchosaint is mó ar bhonn comhdhlúite atá acu ar institiúidí agus maidir leis na 10 neamhchosaint is mó atá acu ar eintitis scáthbhaincéireachta ar bhonn comhdhlúite, lena n-áirítear neamhchosaintí móra atá eisiata ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1): ◄
(a)
céannacht an chliaint nó an ghrúpa cliant atá nasctha le chéile a bhfuil
►C12
neamhchosainti ◄ mhór ag an institiúid orthu;
(b)
luach na
►C12
neamhchosainta ◄ sula gcuirtear san áireamh éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa, i gcás inarb infheidhme;
(c)
i gcás ina n-úsáidtear é, cineál na cosanta creidmheasa cistithe nó neamhchistithe;
(d)
luach na
►C12
neamhchosainta ◄ tar éis éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa arna ríomh chun críocha Airteagal 395(1) a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme.
Sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tuairisceoidh institiúidí a neamhchosaint chomhiomlán ar eintitis scáthbhaincéireachta dá n-údaráis inniúla.
|
|
Airteagal 394 3.
|
Tuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 dá n-údaráis inniúla ar bhonn leathbhliantúil ar a laghad.
|
|
Airteagal 394 4.
|
Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na critéir chun eintitis scáthbhaincéireachta dá dtagraítear i mír 2 a shainaithint. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, cuirfidh UBÉ san áireamh forbairtí idirnáisiúnta agus caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le scáthbhaincéireacht agus déanfaidh sé na nithe seo a leanas a mheas:
(a)
go bhféadfaidh
►C12
riosca ◄ do shuíomh sócmhainneachta nó do shuíomh leachtachta na hinstitiúide a bheith ag baint leis an gcaidreamh le heintiteas aonair nó le grúpa eintiteas;
(b)
ar cheart eintitis atá faoi réir ceanglais sócmhainneachta nó ceanglais leachtachta atá cosúil lena leagtar síos leis an Rialachán seo agus le Treoir (AE) 2013/69/AE, a eisiamh ina n-iomláine nó a pháirteisiamh ón oibleagáid a bheith tuairiscithe dá dtagraítear i mír 2 maidir le heintitis scáthbhaincéireachta.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|