|
+Airteagal 395 8. |
Airteagal 395 8.Tugtar de chumhacht don Choimisiún agus é ag gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 464(2), gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun glacadh leis na bearta náisiúnta atá molta dá dtagraítear i mír 7 nó chun diúltú dóibh. Laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 7 a fháil, cuirfidh ÚBE a dtuairimí maidir leis na pointí a luaitear sa mhír sin chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt maidir leis na pointí a luaitear sa mhír sin don Chomhairle, don Choimisiún agus don mBallstát lena mbaineann. Agus na tuairimí dá dtagraítear sa dara fomhír á gcur san áireamh go hiomlán agus i gcás ina mbeidh fianaise stóinseach, láidir ann go mbeidh tionchar diúltach ag na bearta ar an margadh inmheánach a sháróidh na buntáistí a bheidh ann i leith na cobhsaíochta airgeadais, diúltóidh an Coimisiún do na bearta náisiúnta atá molta, laistigh de dhá mhí tar éis dó an fógra a fháil. Murach sin, glacfaidh an Coimisiún leis na bearta náisiúnta atá molta ar feadh tréimhse tosaigh de 2 bhliain agus, nuair is iomhcuí, d'fhéadfadh na bearta a bheith faoi réir leasaithe. Ní dhiúltóidh an Coimisiún do na bearta náisiúnta atá molta ach amháin más dóigh leis go mbaineann droch-éifeachtaí míréireacha leo ar an gcóras airgeadais ar an iomlán nó ar chodanna de i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine, lena ndéantar nó lena gcruthaítear, dá bharr sin, bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh nó ar shaorghluaiseacht chaipitil i gcomhréir le forálacha CFAE. Tabharfar ar aird tuairim ÚBE i measúnú an Choimisiúin agus agus tabharfar ar aird an fhianaise arna cur i láthair i gcomhréir le mír 7. Roimh dhul in éag do na bearta, féadfaidh na húdaráis inniúla bearta nua a mholadh chun síneadh a chur leis an tréimhse lena gcuirfear i bhfeidhm iad go ceann dhá bhliain bhreise gach uair. Sa chás sin, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, don Chomhairle, do na húdaráis inniúla lena mbaineann agus doÚBE. Beidh formheas na mbeart nua faoi réir an phróisis a leagtar amach san Airteagal seo. Beidh an tAirteagal seo gan dochar d'Airteagal 458. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|