+Airteagal 396 Ceanglais maidir le►C9neamhchosaintí◄móra a chomhlíonadh
---+Airteagal 396 1.
---+Airteagal 396 2.
---+Airteagal 396 3.

Airteagal 396 Ceanglais maidir le►C9neamhchosaintí◄móra a chomhlíonadh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 396 1.
Má théann ►C9  neamhchosaintí ◄ , i gcás eisceachtúil, thar an teorainn atá leagtha síos in Airteagal 395(1), tabharfaidh an institiúid fógra do na húdaráis inniúla gan mhoill faoi luach an bharrachais agus féadfaidh siad, i gcúinsí a fhágann gur ceart dóibh é a dhéanamh, tréimhse theoranta a cheadú don institiúid ina bhféadfaidh sí an teorainn a chomhlíonadh.

I gcás ina bhfuil an EUR 150 milliún dá dtagraítear in Airteagal 395(1) infheidhme, féadfaidh na húdaráis inniúla, ar bhonn gach cáis faoi leith, cead a thabhairt an teorainn 100 % i dtéarmaí chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide a shárú.

I gcás ina gceadaíonn údarás inniúil d'institiúid, sna cásanna eisceachtúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo, an teorainn a leagtar amach in Airteagal 395(1) a shárú ar feadh tréimhse níos faide ná trí mhí, déanfaidh an institiúid plean a thíolacadh trína mbeifear in ann an teorainn a chomhlíonadh arís go tráthúil chun sástacht an údaráis inniúil agus cuirfidh sí an plean sin i gcrích laistigh den tréimhse arna comhaontú leis an údarás inniúil. Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar chur chun feidhme an phlean agus ceanglóidh sé go gcomhlíonfar na ceanglais athuair ar bhonn níos gasta más iomchuí.

Airteagal 396 2.
I gcás ina ndífheidhmítear faoi Airteagal 7(1) comhlíonadh na n-oibleagáidí arna bhforchur sa Chuid seo ag institiúid ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite, nó i gcás ina bhfeidhmítear forálacha Airteagal 9 maidir le cás na máthairinstitiúidí i mBallstát, déanfar bearta d'fhonn leithdháileadh sásúil priacail laistigh den ghrúpa a áirithiú.
Airteagal 396 3.

Chun críocha mhír 1, eiseoidh ÚBE treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena sonrófar an chaoi a gcinnfidh na húdaráis inniúla an méid a leanas:

(a) 

na cásanna eisceachtúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b) 

an tráth ama a mheastar a bheith iomchuí chun go gcomhlíonfar na ceanglais athuair;

(c) 

na bearta atá le glacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an institiúid na ceanglais arís go tráthúil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas