+Airteagal 396 1.
|
Airteagal 396 1.
Má théann
►C9
neamhchosaintí ◄ , i gcás eisceachtúil, thar an teorainn atá leagtha síos in Airteagal 395(1), tabharfaidh an institiúid fógra do na húdaráis inniúla gan mhoill faoi luach an bharrachais agus féadfaidh siad, i gcúinsí a fhágann gur ceart dóibh é a dhéanamh, tréimhse theoranta a cheadú don institiúid ina bhféadfaidh sí an teorainn a chomhlíonadh. I gcás ina bhfuil an EUR 150 milliún dá dtagraítear in Airteagal 395(1) infheidhme, féadfaidh na húdaráis inniúla, ar bhonn gach cáis faoi leith, cead a thabhairt an teorainn 100 % i dtéarmaí chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide a shárú. I gcás ina gceadaíonn údarás inniúil d'institiúid, sna cásanna eisceachtúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo, an teorainn a leagtar amach in Airteagal 395(1) a shárú ar feadh tréimhse níos faide ná trí mhí, déanfaidh an institiúid plean a thíolacadh trína mbeifear in ann an teorainn a chomhlíonadh arís go tráthúil chun sástacht an údaráis inniúil agus cuirfidh sí an plean sin i gcrích laistigh den tréimhse arna comhaontú leis an údarás inniúil. Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar chur chun feidhme an phlean agus ceanglóidh sé go gcomhlíonfar na ceanglais athuair ar bhonn níos gasta más iomchuí.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|