+Airteagal 403 3.

Airteagal 403 3.

Chun críocha phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúid an méid i bpointe (b) den mhír seo a chur in ionad an mhéid i bpointe (a) den mhír seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (c), (d) agus (e) den mhír seo:

(a) 

méid iomlán ►C12  neamhchosainta ◄ na hinstitiúide ar eisitheoir urrúis chomhthaobhaigh de bharr comhaontuithe trí-pháirteacha athcheannaigh arna n-éascú ag gníomhaire trí-pháirteach;

(b) 

méid iomlán na dteorainneacha a thug an institiúid treoir don ghníomhaire trí-pháirteach dá dtagraítear i bpointe (a), a chur chun feidhme maidir leis na hurrúis arna n-eisiúint ag an eisitheoir urrúis chomhthaobhaigh dá dtagraítear sa phointe sin;

(c) 

tá an institiúid tar éis a fhíorú go ndearna an gníomhaire trí-pháirteach coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm chun sáruithe ar na teorainneacha dá dtagraítear i bpointe (b) a chosc;

(d) 

níor chuir an t-údarás inniúil aon údar imní a bhaineann le hábhar in iúl;

(e) 

ní théann suim mhéid na teorann dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo agus aon ►C12  neamhchosaintai ◄ eile de chuid na hinstitiúide ar an eisitheoir urrúis chomhthaobhaigh thar an teorainn a leagtar amach in Airteagal 395(1).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas