+Airteagal 403 Cur chuige ionadaíochta
---+Airteagal 403 1.
---+Airteagal 403 2.
---+Airteagal 403 3.
---+Airteagal 403 4.

Airteagal 403 Cur chuige ionadaíochta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 403 1.

I gcás ina bhfuil ►C12  neamhchosaint ◄ ar chliant ráthaithe ag tríú páirtí, nó urraithe le comhthaobhacht arna heisiúint ag tríú páirtí, déanfaidh institiúid:

(a) 

an chuid den ►C12  neamhchosaint ◄ atá ráthaithe a láimhseáil mar ►C12  neamhchosaint ◄ ar an ráthóir seachas ar an gcliant, ar an gcoinníoll go sannfaí don ►C12  neamhchosaint ◄ neamhurraithe ar an ráthóir ualú ►C12  riosca ◄ atá cothrom le, nó níos ísle ná, ualú ►C12  riosca ◄ na ►C12  neamhchosainta ◄ neamhurraithe ar an gcliant faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí;

(b) 

an chuid den ►C12  neamhchosaint ◄ arna comhthaobhú le margadhluach na comhthaobhachta aitheanta a láimhseáil mar ►C12  neamhchosaint ◄ ar an tríú páirtí seachas ar an gcliant, ar an gcoinníoll go bhfuil an ►C12  neamhchosaint ◄ urrúsaithe le comhthaobhacht agus ar an gcoinníoll go sannfaí do chuid chomhthaobhaithe na ►C12  neamhchosainta ◄ ualú ►C12  riosca ◄ atá cothrom le, nó níos ísle ná, ualú ►C12  riosca ◄ na ►C12  neamhchosainta ◄ neamhurraithe ar an gcliant faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí.

Ní úsáidfidh an institiúid an cur chuige dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír i gcás ina bhfuil neamhréir ann idir aibíocht na ►C12  neamhchosainta ◄ agus aibíocht na cosanta.

Chun críocha na Coda seo, ní fhéadfaidh institiúid an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais agus an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo a úsáid ach amháin i gcás ina gceadaítear di an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais agus an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais araon a úsáid chun críocha Airteagal 92.

Airteagal 403 2.

I gcás ina gcuireann institiúid pointe (a) de mhír 1 i bhfeidhm:

(a) 

i gcás ina bhfuil an ráthaíocht ainmnithe in airgeadra atá éagsúil ón airgeadra sin ina bhfuil an ►C12  neamhchosaint ◄ ainmnithe, déanfaidh an institiúid méid na ►C12  neamhchosainta ◄ a mheastar a bheith cumhdaithe a ríomh i gcomhréir leis na forálacha maidir le neamhréir airgeadra a láimhseáil le haghaidh cosaint neamhchistithe creidmheasa a leagtar amach i gCuid a Trí;

(b) 

láimhseálfaidh an institiúid neamhréir idir aibíocht na ►C12  neamhchosainta ◄ agus aibíocht na cosanta i gcomhréir leis na forálacha maidir le neamhréireacha aibíochta a láimhseáil a leagtar amach i gCaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí;

(c) 

féadfaidh an institiúid cumhdach páirteach a aithint i gcomhréir leis an láimhseáil a leagtar amach i gCaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí.

Airteagal 403 3.

Chun críocha phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúid an méid i bpointe (b) den mhír seo a chur in ionad an mhéid i bpointe (a) den mhír seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (c), (d) agus (e) den mhír seo:

(a) 

méid iomlán ►C12  neamhchosainta ◄ na hinstitiúide ar eisitheoir urrúis chomhthaobhaigh de bharr comhaontuithe trí-pháirteacha athcheannaigh arna n-éascú ag gníomhaire trí-pháirteach;

(b) 

méid iomlán na dteorainneacha a thug an institiúid treoir don ghníomhaire trí-pháirteach dá dtagraítear i bpointe (a), a chur chun feidhme maidir leis na hurrúis arna n-eisiúint ag an eisitheoir urrúis chomhthaobhaigh dá dtagraítear sa phointe sin;

(c) 

tá an institiúid tar éis a fhíorú go ndearna an gníomhaire trí-pháirteach coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm chun sáruithe ar na teorainneacha dá dtagraítear i bpointe (b) a chosc;

(d) 

níor chuir an t-údarás inniúil aon údar imní a bhaineann le hábhar in iúl;

(e) 

ní théann suim mhéid na teorann dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo agus aon ►C12  neamhchosaintai ◄ eile de chuid na hinstitiúide ar an eisitheoir urrúis chomhthaobhaigh thar an teorainn a leagtar amach in Airteagal 395(1).

Airteagal 403 4.
Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, lena sonrófar na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na láimhseála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, lena n-airítear na coinníollacha agus minicíocht maidir le teorainneacha a chinneadh, faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh orthu dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír sin.

Foilseoidh ÚBE na treoirlínte sin faoin 31 Nollaig 2019.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas