|
+Airteagal 416 3. |
Airteagal 416 3.I gcomhréir le fomhír 1, is iad na sócmhainní a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas mar shócmhainní leachtacha na sócmhainní a ndéanfaidh institiúidí tuairisciú orthu:
(a)
tá na sócmhainní neamhualaithe nó tá siad ar fáil i gcomhthiomsuithe comhthaobhachta a mbainfear úsáid astu chun cistiúchán breise a fháil faoi línte creidmheasa geallta, nó i gcás ina bhfuil an comhthiomsú á fheidhmiú ag banc ceannais, faoi línte creidmheasa nach bhfuil geallta, agus atá ar fáil don institiúid ach nach bhfuil cistithe go fóill;
(b)
ní eisíonn an institiúid féin ná a máthairinstitiúid ná a fo-institiúid na sócmhainní, ná fochuideachta eile dá máthairinstitiúid nó dá máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais;
(c)
comhaontaíonn rannpháirtithe margaí praghas na sócmhainní de ghnáth agus is féidir é a fheiceáil go héasca sa mhargadh, nó is féidir an praghas a chinneadh de réir foirmle atá éasca a ríomh bunaithe ar ionchuir atá ar fáil go poiblí agus nach dtéann i muinín toimhdí láidre mar a tharlaíonn de ghnáth i gcás táirgí struchtúrtha nó coimhthíocha;
(d)
tá na sócmhainní liostaithe ar mhalartán aitheanta nó tá siad intrádála trí dhíolachán glan amach nó trí chomhaontú athcheannaigh simplí ar mhargaí athcheannaigh; déanfar measúnú ar leithligh ar na critéir sin do gach margadh. Ní bheidh feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír maidir leis na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (e) agus i bpointe (f) de mhír 1. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|