+Airteagal 416 Tuairisc a thabhairt maidir le sócmhainní leachtacha
---+Airteagal 416 1.
---+Airteagal 416 2.
---+Airteagal 416 3.
---+Airteagal 416 4.
---+Airteagal 416 5.
---+Airteagal 416 6.

Airteagal 416 Tuairisc a thabhairt maidir le sócmhainní leachtacha

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 416 1.

Tuairisceoidh na hinstitiúidí na nithe seo a leanas mar shócmhainní leachtacha mura bhfuil siad eisiata le mír 2 sa chás go gcomhlíonann na sócmhainní leachtacha na coinníollacha i mír 3 agus sa chás sin amháin:

(a) 

airgead agus ►C9  neamhchosaintí ◄ ar bhainc cheannais a mhéid isféidir na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin a aistarraingt ag aon am i dtréimhsí struis. Maidir le taiscí atá á sealbhú le bainc cheannais, beidh sé mar aidhm ag an údarás inniúil agus ag an mbanc ceannais teacht ar chomhthuiscint i dtaobh a mhéid is féidir cúlchistí íosta a aistarraingt i dtréimhsí struis:

(b) 

sócmhainní inaistrithe eile a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa fíor-ard ag baint leo;

(c) 

sócmhainní inaistrithe in ionannas d’éilimh orthu seo a leanas nó atá ráthaithe acu:

(i) 

rialtas lárnach Ballstáit, réigiún a bhfuil neamhspleáchas fioscach aige chun cáin a ghearradh agus a bhailiú, nó de chuid tríú tír, in airgeadra baile an rialtais lárnaigh nó réigiúnaigh, sa chás go dtabhaíonn an institiúid ►C9  riosca ◄ leachtachta sa Bhallstát sin nó sa tríú tír sin a chumhdaíonn sí trí na sócmhainní leachtacha sin a shealbhú;

(ii) 

bainc cheannais agus eintitis earnála poiblí, in airgeadra baile an bhainc ceannais agus an eintitis earnála poiblí;

(iii) 

an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Coimisiún agus bainc forbartha iltaobhacha;

(iv) 

an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach an Sásra Cobhsaíochta Eorpach

(d) 

sócmhainní inaistrithe a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa ard ag baint leo.

(e) 

saoráidí creidmheasa fuireachais a dheonaíonn bainc cheannais laistigh de raon feidhme beartais airgeadaíochta a mhéid nach ndéantar na saoráidí sin a chomhthaobhú le sócmhainní leachtacha ach gan cúnamh leachtachta éigeandála a áireamh;

(f) 

i gcás ina bhfuil an institiúid chreidmheasa i seilbh líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó le forálacha reachtúla, na híostaiscí dlíthiúla nó reachtúla atá leis an institiúid chreidmheasa lárnach agus cistiú leachtach reachtúil eile nó cistiú leachtach atá ar fáil ar bhonn conarthach ón institiúid chreidmheasa lárnach nó ó institiúidí creidmheasa lárnacha ar baill iad den líonra dá dtagraítear in Airteagal 113 (7), nó atá incháilithe le haghaidh an tarscaoilte dá bhforáiltear in Airteagal 10, a mhéid nach gcomhthaobhaítear an cistiú sin le sócmhainní leachtacha.

Go dtí go sonrófar sainmhíniú aonfhoirmeach i gcomhréir le hAirteagal 460 ar cháilíocht leachtachta agus creidmheasa ard agus an-ard, sainaithneoidh institiúidí féin, in airgeadra faoi leith, sócmhainní inaistrithe a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa ard nó an-ard ag baint leo, faoi seach. Go dtí go sonófar sainmhíniú aonfhoirmeach, féadfaidh údaráis inniúla, agus na critéir atá liostaithe in Airteagal 509(34) (4) agus (5) á gcur san áireamh, treoir ghinearálta a thabhairt a leanfaidh institiúidí chun sócmhainní a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa ard agus an-ard ag baint leo a shainaithint. In éagmais treorach den sórt sin, úsáidfidh institiúidí critéir a bheidh trédhearcach agus oibiachtúil chuige sin, lena n-áirítear roinnt de na critéir atá liostaithe in Airteagal 509(34) (4) agus (5) nó iad ar fad.

Airteagal 416 2.

Ní mheasfar gur sócmhainní leachtacha iad seo a leanas:

(a) 

sócmhainní arna n-eisiúint ag institiúid chreidmheasa mura gcomhlíonann siad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

is bannaí iad atá incháilithe don láimhseáil atá leagtha amach in Airteagal 129(44) nó (5) nó is ionstraimí sócmhainn-bhunaithe iad sa chás go dtaispeántar gur den cháilíocht creidmheasa is airde iad de réir mar a shuífidh ÚBE de bhun na gcritéar in Airteagal 509(3), (4) agus (5);

▼M10

(ii) 

is bannaí faoi chumhdach iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162 seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (i) den phointe seo;

▼B

(iii) 

bhunaigh rialtas lárnach nó rialtas réigiúnach Ballstáit an institiúid chreidmheasa, agus tá oibleagáid ar an rialtas sin bonn eacnamaíoch na hinstitiúide a chosaint agus a hinmharthanacht a choinneáil ar feadh a saoil; nó tá an tsócmhainn ráthaithe go sainráite ag an rialtas sin; nó tá 90 % ar a laghad de na hiasachtaí arna dtabhairt agan institiúid ráthaithe go díreach nó go hindíreach ag an rialtas sin agus baintear feidhm as an tsócmhainn go príomha chun cistiú a dhéanamh ar iasachtaí cur chun cinn a thugtar ar bhonn neamhiomaíoch, gan beann ar bhrabús, chun cuspóirí beartais phoiblí an rialtais sin a chur chun cinn;

(b) 

sócmhainní a sholáthraítear don institiúid mar chomhthaobhacht faoi idirbhearta comhaontaithe athcheannaigh droim ar ais agus idirbhearta cistithe urrús agus nach sealbhaíonn an institiúid ach amháin mar mhaolaitheoir ar ►C9  riosca ◄ creidmheasa agus nach bhfuil ar fáil don institiúid lena n-úsáid ar bhonn dlíthiúil agus conarthach;

(c) 

sócmhainní arna n-eisiúint ag aon cheann díobh seo a leanas:

(i) 

gnólacht infheistíochta;

(ii) 

gnóthas árachais;

(iii) 

cuideachta shealbhaíochta airgeadais;

(iv) 

cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;

(v) 

aon eintiteas eile a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE mar a phríomhghnó.

Airteagal 416 3.

I gcomhréir le fomhír 1, is iad na sócmhainní a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas mar shócmhainní leachtacha na sócmhainní a ndéanfaidh institiúidí tuairisciú orthu:

(a) 

tá na sócmhainní neamhualaithe nó tá siad ar fáil i gcomhthiomsuithe comhthaobhachta a mbainfear úsáid astu chun cistiúchán breise a fháil faoi línte creidmheasa geallta, nó i gcás ina bhfuil an comhthiomsú á fheidhmiú ag banc ceannais, faoi línte creidmheasa nach bhfuil geallta, agus atá ar fáil don institiúid ach nach bhfuil cistithe go fóill;

(b) 

ní eisíonn an institiúid féin ná a máthairinstitiúid ná a fo-institiúid na sócmhainní, ná fochuideachta eile dá máthairinstitiúid nó dá máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais;

(c) 

comhaontaíonn rannpháirtithe margaí praghas na sócmhainní de ghnáth agus is féidir é a fheiceáil go héasca sa mhargadh, nó is féidir an praghas a chinneadh de réir foirmle atá éasca a ríomh bunaithe ar ionchuir atá ar fáil go poiblí agus nach dtéann i muinín toimhdí láidre mar a tharlaíonn de ghnáth i gcás táirgí struchtúrtha nó coimhthíocha;

(d) 

tá na sócmhainní liostaithe ar mhalartán aitheanta nó tá siad intrádála trí dhíolachán glan amach nó trí chomhaontú athcheannaigh simplí ar mhargaí athcheannaigh; déanfar measúnú ar leithligh ar na critéir sin do gach margadh.

Ní bheidh feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír maidir leis na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (e) agus i bpointe (f) de mhír 1.

Airteagal 416 4.

D'ainneoin fhorálacha mhír 1, mhír 2 agus mhír 3, go dtí go ndéanfar sonraíocht maidir le ceanglas leachtachta ceangailteach i gcomhréir le hAirteagal 460 agus i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh institiúidí tuairisc ar na nithe seo leanas:

(a) 

sócmhainní incháilithe eile nach sócmhainníbainc ceannais ach is sócmhainní intrádála iad amhail cothromais agus ór, bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla, lena n-áirítear roinnt de na critéir atá liostaithe in Airteagal 509(4) nó iad ar fad;

(b) 

sócmhainní incháilithe intrádála eile bainc ceannais amhail ionstraimí sócmhainn-bhunaithe den cháilíocht creidmheasa is airde, de réir mar a shuífidh ÚBE de bhun na gcritéar in Airteagal 509(3),(4) agus (5);

(c) 

sócmhainní incháilithe eile bainc ceannais nach sócmhainní intrádála iad, amhail éilimh chreidmheasa, de réir mar a shuífidh ÚBE de bhun na gcritéar in Airteagal 509(3), (4) agus (5).

Airteagal 416 5.
Féadfar scaireanna nó aonaid i GCanna a láimhseáil mar shócmhainní leachtacha, suas le méid absalóideach EUR 500 milliún nó an méid comhionann in airgeadra intíre, i bpunann sócmhainní leachtacha gach institiúide, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 132(3) agus, seachas díorthaigh chun ►C12  riosca ◄ ráta úis nó ►C12  riosca ◄ creidmheasa nó airgeadra a mhaolú, nach ndéanann GC infheistíocht ach amháin i sócmhainní leachtacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Ní fhágfaidh úsáid nó úsáid ionchasach ionstraimí díorthaigh ag GC chun ►C12  riosca ◄ maidir le hinfheistíochtaí ceadaithe a fhálú go mbeidh cosc ar an GC sin a bheith incháilithe maidir leis an gcóireáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. I gcás nach ndéanann na tríú páirtithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 418(4) luach scaireanna nó aonad GC a mharcáil ón margadh go rialta agus i gcás nach bhfuil an t-údarás inniúil sásta go bhfuil modheolaíochtaí agus próisis láidre forbartha ag institiúid le haghaidh luacháil den sórt sin dá dtagraítear in Airteagal 418(4), ní láimhseálfar scaireanna nó aonaid sa GC sin mar shócmhainní leachtacha.

Airteagal 416 6.
I gcás ina scoireann sócmhainn leachtach den cheanglas le haghaidh sócmhainní leachtacha a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh, féadfaidh institiúid, dá ainneoin sin, leanúint dá meas mar shócmhainn leachtach ar feadh tréimhse breise 30 lá. I gcás ina scoireann sócmhainn leachtach i GC de bheith incháilithe le haghaidh na láimhseála a leagtar amach i mír 5, féadfaidh na scaireanna nó na haonaid sa GC, dá ainneoin sin, leanúint dá meas mar shócmhainn leachtach le haghaidh tréimhse breise 30 lá ar an gcoinníoll nach sáróidh na sócmhainní sin 10 % de shócmhainní foriomlána an GC.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas