+Airteagal 418 Luacháil na sócmhainní leachtacha
---+Airteagal 418 1.
---+Airteagal 418 2.
---+Airteagal 418 3.
---+Airteagal 418 4.
|
Airteagal 418 Luacháil na sócmhainní leachtacha
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 418 1.
|
Beidh luach sócmhainne leachtaí atá le tuairisciú comhionann lena margadhluach, faoi réir ag caolchorrlaigh iomchuí trína léirítear an fad tréimhse, an
►C9
riosca ◄ creidmheasa agus leachtachta agus gnáth-chaolchorrlaigh athcheannaigh i dtréimhsí struis ghinearálta sa mhargadh. Ní bheidh na caolchorrlaigh níos lú ná 15 % le haghaidh na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 416(1). Má fhálaíonn an institiúid an
►C9
riosca ◄ praghais a bhaineann le sócmhainn, cuirfidh sí san áireamh an sreabhadh airgid a a eascraíonn ó shocraíocht ionchasach an fhálaithe.
|
|
Airteagal 418 2.
|
Beidh scaireanna nó aonaid in GCanna dá dtagraítear in Airteagal 416 (6) faoi réir ag caolchorrlaigh, agus trébhreathnú á dhéanamh ar na sócmhainní foluiteacha mar seo a leanas:
(a)
0 % i gcás na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 416 (1);
(b)
5 % i gcás na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 416 (1);
(c)
20 % i gcás na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 416 (1).
|
|
Airteagal 418 3.
|
Cuirfear an cur chuige trébhreathnaitheach dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm mar a leanas:
(a)
i gcás gurb eol don institiúid
►C9
neamhchosaintí ◄ foluiteacha GC, féadfaidh sí trébhreathnú a dhéanamh ar na
►C9
neamhchosaintí ◄ foluiteacha sin d'fhonn iad a shannadh do phointí (a) go (d) d'Airteagal 416(1);
(b)
i gcás nach eol don institiúid
►C9
neamhchosaintí ◄ foluiteacha GC, toimhdeofar go ndéanann an GC infheistíocht, go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina sainordú, in ord íslitheach sna cineálacha sócmhainne dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d'Airteagal 416(1) go dtí go mbaintear amach an teorainn infheistíochta iomlán uasta.
|
|
Airteagal 418 4.
|
Forbróidh institiúidí modheolaíochtaí agus próisis láidre chun an margadhluach agus na caolchorrlaigh a ríomh agus a thuairisciú le haghaidh scaireanna nó aonad in GCanna. Ní fhéadfaidh institiúidí dul i muinín na dtríú páirtithe seo a leanas chun na caolchorrlaigh a ríomh agus a thuairisciú le haghaidh scaireanna nó aonad in GCanna, i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 3,
(a)
institiúid taisclainne an GC ar an gcoinníoll go ndéanann an GC infheistiú eisiach in urrúis agus go gcuireann sé gach urrús i dtaisce san institiúid taisclainne sin;
(b)
maidir le GCanna eile, cuideachta bhainistíochta an GC, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann cuideachta bhainistíochta an GC na critéir atá leagtha amach in Airteagal 132(3)(a).
Deimhneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas na ríomhanna arna ndéanamh ag an institiúid taisclainne nó ag cuideachta bhainistíochta an GC.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|