|
+Airteagal 422 3. |
Airteagal 422 3.Déanfaidh institiúidí dliteanais a thig ó thaiscí nach mór a choinneáil:
(a)
ag an taisceoir d'fhonn seirbhísí imréitigh, coimeádta nó bainistíochta airgid nó seirbhísí inchomparáide eile a fháil ón institiúid;
(b)
i gcomhthéacs cúraimí comhchoiteanna a roinnt laistighde scéim cosanta institiúideach a chomhlíonann ceanglais Airteagal 113(7) nó mar íostaisce dhlíthiúil nó reachtúil ag eintiteas eile ar Comhalta é den scéim cosanta institiúideach chéanna;
(c)
ag an taisceoir i gcomhthéacs gaoil oibríochtúil sheanbhunaithe seachas an gaol a luaitear i bpointe (a);
(d)
ag an taisceoir chun seirbhísí imréitigh airgid agus institiúide creidmheasa lárnaí a fháil agus i gcás go bhfuil an institiúid chreidmheasa ina cuid de líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó forálacha reachtúla; a iolrú faoi 5 % i gcás phointe (a) a mhéid a chumhdaítear iad le Scéim Ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE nó le scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír agus faoi 25 % murach sin. Déanfar taiscí ó institiúidí creidmheasa a chuirtear in institiúidí creidmheasa lárnacha a meastar gur sócmhainní leachtacha iad i gcomhréir le hAirteagal 416(1)(f) a iolrú faoi ráta eis-sreafa 100 %. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|