+Airteagal 428d Conarthaí díorthach
---+Airteagal 428d 1.
---+Airteagal 428d 2.
---+Airteagal 428d 3.
---+Airteagal 428d 4.
---+Airteagal 428d 5.
---+Airteagal 428d 6.

Airteagal 428d Conarthaí díorthach

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 428d 1.
Cuirfidh na hinstitiúidí an Airteagal seo i bhfeidhm chun méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh le haghaidh conarthaí díorthach dá dtagraítear i gCaibidil 3 agus i gCaibidil 4 a ríomh.
Airteagal 428d 2.
Gan dochar d'Airteagal 428ah(2), cuirfidh institiúidí luach cóir na suíomhanna díorthach ar bhonn glanluachála sa chás ina n-áirítear na suíomhanna sin sa tacar glanluachála céanna a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 429c(1). I gcás nach amhlaidh atá, cuirfidh institiúidí luach cóir na suíomhanna díorthach san áireamh ar bhonn comhlán agus déanfaidh siad na suíomhanna díorthach sin a láimhseáil mar tacar glanluachála a bhaineann leo féin chun críocha Chaibidil 4.
Airteagal 428d 3.
Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn “luach cóir tacair glanluachála” suim luachanna córa na n-idirbheart uile a chuimsítear sa tacar glanluachála.
Airteagal 428d 4.
Gan dochar d'Airteagal 428ah(2), déanfar na conarthaí díorthach uile a liostáiltear i bpointí 2(a) go (e) d'Iarscríbhinn II lena mbaineann malartú iomlán príomhshuimeanna ar an dáta céanna, déanfar iad a ríomh ar bhonn glanluachála thar airgeadraí, lena n-áirítear an chríoch tuairisciú in airgeadra atá faoi réir tuairisciú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 415(2), fiú i gcás nach n-áirítear na hidirbhearta sin sa tacar glanluachála céanna a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 429c(1).
Airteagal 428d 5.
Láimhseálfar íocaíochtaí in airgead tirim a gheofar mar chomhthaobhacht chun ►C12  neamhchosaint ◄ suímh díorthaigh a mhaolú, láimhseálfar iad mar íocaíochtaí in airgead tirim agus ní dhéanfar iad a láimhseáil mar thaiscí maidir lena bhfuil feidhm ag Caibidil 3.
Airteagal 428d 6.

Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh, le formheas an bhainc ceannais ábhartha, tionchar na gconarthaí díorthach ar ríomh an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí a tharscaoileadh, lena n-áirítear an tionchar a tharscaoileadh trí na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh agus forálacha agus caillteanais a chinneadh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

tá aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí ag na dliteanais sin;

(b) 

is é an Banc Ceannais Eorpach (BCE) nó banc ceannais an Bhallstáit an contrapháirtí;

(c) 

déanann na conarthaí díorthach fónamh do bheartas airgeadaíochta BCE nó bainc ceannais Ballstáit.

I gcás ina mbainfidh fochuideachta ag a bhfuil a ceannoifig i dtríú tír leas as an tarscaoileadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi dhlí náisiúnta an tríú tír sin a shocraíonn an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí, cuirfear an tarscaoileadh sin de réir mar a shainítear i ndlí náisiúnta an tríú tír é san áireamh chun críche comhdhlúthaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas