|
+Airteagal 428d 6. |
Airteagal 428d 6.Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh, le formheas an bhainc ceannais ábhartha, tionchar na gconarthaí díorthach ar ríomh an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí a tharscaoileadh, lena n-áirítear an tionchar a tharscaoileadh trí na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh agus forálacha agus caillteanais a chinneadh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
tá aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí ag na dliteanais sin;
(b)
is é an Banc Ceannais Eorpach (BCE) nó banc ceannais an Bhallstáit an contrapháirtí;
(c)
déanann na conarthaí díorthach fónamh do bheartas airgeadaíochta BCE nó bainc ceannais Ballstáit. I gcás ina mbainfidh fochuideachta ag a bhfuil a ceannoifig i dtríú tír leas as an tarscaoileadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi dhlí náisiúnta an tríú tír sin a shocraíonn an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí, cuirfear an tarscaoileadh sin de réir mar a shainítear i ndlí náisiúnta an tríú tír é san áireamh chun críche comhdhlúthaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|