+Airteagal 428k Fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
---+Airteagal 428k 1.
---+Airteagal 428k 2.
---+Airteagal 428k 3.
---+Airteagal 428k 4.

Airteagal 428k Fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 428k 1.

Mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 428l go hAirteagal 428o, beidh na dliteanais ar fad nach bhfuil aibíocht luaite leo, lena n-áirítear suíomhanna gearra agus suíomhanna aibíochta oscailte, faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil, cé is moite de na cinn seo a leanas:

(a) 

dliteanais chánach iarchurtha, a ndéanfar a láimhseáil de réir an dáta is gaire is féidir a bhféadfaí na dliteanais sin a réadú;

(b) 

leasanna mionlaigh, a ndéanfar a láimhseáil de réir théarma na hionstraime.

Airteagal 428k 2.

Beidh dliteanais chánach iarchurtha agus leasanna mionlaigh dá dtagraítear sa chéad mír 1 faoi réir ceann amháin de na fachtóirí seo a leanas:

(a) 

0 %, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair ábhartha is lú ná sé mhí ag an dliteanas cánach iarchurtha;

(b) 

50 %, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair ábhartha sé mhí ar a laghad ach is lú ná aon bhliain amháin ag an dliteanas cánach iarchurtha nó ag na leasanna mionlaigh;

(c) 

100 %, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair ábhartha de bhliain amháin nó níos mó ag an dliteanas cánach iarchurtha nó ag na leasanna mionlaigh.

Airteagal 428k 3.

Beidh na dliteanais agus na hítimí nó na hionstraimí caipitil seo a leanas faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:

▼M8

(a) 

dliteanais atá iníoctha ar an dáta trádála a eascróidh ó cheannach ionstraimí airgeadais, ó airgeadraí eachtracha agus ó thráchtearraí, a mheastar go socróidh siad laistigh den timthriall socraíochta caighdeánach nó laistigh den tréimhse is gnách le haghaidh malartú ábhartha nó don chineál idirbheart nó ar theip orthu socrú, ach a mheastar mar sin féin go socróidh siad;

(b) 

dliteanais a rangaítear mar dhliteanais atá idirspleách ar shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 428f;

(c) 

dliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí acu arna gcur ar fáil:

(i) 

an Banc Ceannais Eorpach (BCE) nó banc ceannais Ballstáit;

(ii) 

banc ceannais tríú tír;

(iii) 

custaiméirí airgeadais;

(d) 

aon dliteanais agus ítimí nó ionstraimí caipitil eile nach dtagraítear dóibh in Airteagal 428l go hAirteagal 428o.

Airteagal 428k 4.
Cuirfidh institiúidí fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil i bhfeidhm ar luach absalóideach na difríochta, más diúltach é, idir méid na luachanna córa thar gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir deimhneach acu agus méid na luachanna córa thar gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach acu arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 428d.

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) 

bainfear an corrlach athrúcháin a gheobhaidh institiúidí óna gcontrapháirtithe ón luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir deimhneach aige i gcás ina gcáileoidh an chomhthaobhacht a gheofar mar chorrlach athrúcháin mar shócmhainn leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, agus i gcás ina bhfuil an teideal dlí agus an cumas oibríochtúil ag institiúidí an chomhthaobhacht sin a athúsáid;

(b) 

bainfear an corrlach uile athrúcháin a bhreacfaidh institiúidí lena gcontrapháirtithe ó luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach aige.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas