|
+Airteagal 428k 3. |
Airteagal 428k 3.Beidh na dliteanais agus na hítimí nó na hionstraimí caipitil seo a leanas faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
(a)
dliteanais atá iníoctha ar an dáta trádála a eascróidh ó cheannach ionstraimí airgeadais, ó airgeadraí eachtracha agus ó thráchtearraí, a mheastar go socróidh siad laistigh den timthriall socraíochta caighdeánach nó laistigh den tréimhse is gnách le haghaidh malartú ábhartha nó don chineál idirbheart nó ar theip orthu socrú, ach a mheastar mar sin féin go socróidh siad;
(b)
dliteanais a rangaítear mar dhliteanais atá idirspleách ar shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 428f;
(c)
dliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí acu arna gcur ar fáil:
(i)
an Banc Ceannais Eorpach (BCE) nó banc ceannais Ballstáit;
(ii)
banc ceannais tríú tír;
(iii)
custaiméirí airgeadais;
(d)
aon dliteanais agus ítimí nó ionstraimí caipitil eile nach dtagraítear dóibh in Airteagal 428l go hAirteagal 428o. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|