+Airteagal 428aq 6.

Airteagal 428aq 6.

Measfar gur sócmhainní neamhualaithe na sócmhainní seo a leanas:

(a) 

sócmhainní a áirítear i gcomhthiomsú agus atá ar fáil lena n-úsáid láithreach mar chomhthaobhacht chun cistiú breise a fháil faoi línte creidmheasa geallta nó, i gcás ina bhfuil an comhthiomsú á fheidhmiú ag banc ceannais, faoi línte creidmheasa nach bhfuil geallta agus atá ar fáil don institiúid ach nach bhfuil cistithe go fóill, lena n-áirítear sócmhainní arna láithriú ag institiúid creidmheasa le hinstitiúid lárnach i líonra comharchumann nó i scéim cosanta institiúideach;

(b) 

sócmhainní atá faighte ag an institiúid mar chomhthaobhacht ar mhaithe le maolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa in idirbhearta iasachta urraithe, idirbhearta maoiniúcháin urraithe nó idirbhearta malartaithe comhthaobhachta agus a fhéadfaidh an institiúid a dhiúscairt;

(c) 

sócmhainní atá ceangailte mar rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhéigeantach le heisiúint bannaí faoi chumhdach.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, toimhdeoidh institiúidí go mbeidh na sócmhainní sa chomhthiomsú ualaithe in ord méadaitheach a leachtachta bunaithe ar an aicmiú leachtachta a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ag tosú le sócmhainní nach incháilithe le haghaidh an mhaoláin leachtachta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas