+Airteagal 428aq Méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a ríomh go simplí
---+Airteagal 428aq 1.
---+Airteagal 428aq 2.
---+Airteagal 428aq 3.
---+Airteagal 428aq 4.
---+Airteagal 428aq 5.
---+Airteagal 428aq 6.
---+Airteagal 428aq 7.
---+Airteagal 428aq 8.
---+Airteagal 428aq 9.
---+Airteagal 428aq 10.
|
Airteagal 428aq Méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a ríomh go simplí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 428aq 1.
|
Mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo, ríomhfar méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh le haghaidh institiúidí beaga agus neamhchasta trí luach cuntasaíochta na gcatagóirí nó na gcineálacha éagsúla sócmhainní agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a iolrú faoi na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm i gcomhréir le Roinn 2. Is éard a bheidh i méid iomlán an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh suim mhéideanna ualaithe na ndliteanas agus na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe.
|
|
Airteagal 428aq 2.
|
Eisiafar sócmhainní atá faighte ar iasacht ag institiúidí, lena n-áirítear in idirbhearta um maoiniú urrús, a chuirtear san áireamh ina gclár comhardaithe agus nach bhfuil úinéireacht thairbhiúil acu orthu, eisiafar iad ó ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh. Eisiafar sócmhainní atá faighte ar iasacht ag institiúidí, lena n-áirítear in idirbhearta um maoiniú urrús, nach gcuirtear san áireamh ina gclár comhardaithe ach a bhfuil úinéireacht thairbhiúil acu orthu, beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2.
|
|
Airteagal 428aq 3.
|
Sócmhainní atá tugtha ag institiúidí ar iasacht, lena n-áirítear in idirbhearta um maoiniú urrús a gcoimeádann siad úinéireacht thairbhiúil orthu, fiú mura bhfanann siad ar a gclár comhardaithe, measfar gur sócmhainní ualaithe chun críocha na Caibidle seo iad agus beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2. Seachas sin, eisiafar na sócmhainní sin ó ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh.
|
|
Airteagal 428aq 4.
|
I gcás sócmhainní atá ualaithe le haghaidh aibíocht iarmhair sé mhí nó níos faide, sannfar an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheadh le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 ar na sócmhainní sin ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe, nó sannfar an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh is infheidhme i ngach cás eile maidir leis na sócmhainní ualaithe sin, cibé fachtóir is airde. Beidh an méid sin infheidhme freisin i gcás ina mbeidh aibíocht iarmhair na sócmhainní atá ualaithe níos giorra ná aibíocht iarmhair an idirbhirt is údar leis an ualú. Sócmhainní a bhfuil níos lú ná sé mhí fágtha acu de thréimhse ualaithe, beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 ar na sócmhainní céanna má sealbhaíodh iad go neamhualaithe.
|
|
Airteagal 428aq 5.
|
I gcás ina n-athúsáidfidh institiúid sócmhainn a fhaightear ar iasacht, lena n-áirítear idirbhearta um maoiniú urrús, agus a chuirtear san áireamh lasmuigh den chlár comhardaithe, nó i gcás ina n-athchuirfidh sí an tsócmhainn sin i ngeall, déanfar an t-idirbheart trína bhfuarthas an tsócmhainn sin ar iasacht a láimhseáil mar idirbheart ualaithe a mhéid nach bhféadfaidh an t-idirbheart teacht in aibíocht mura ndéanfaidh an institiúid an sócmhainn a fuarthas ar iasacht a thabhairt ar ais.
|
|
Airteagal 428aq 6.
|
Measfar gur sócmhainní neamhualaithe na sócmhainní seo a leanas:
(a)
sócmhainní a áirítear i gcomhthiomsú agus atá ar fáil lena n-úsáid láithreach mar chomhthaobhacht chun cistiú breise a fháil faoi línte creidmheasa geallta nó, i gcás ina bhfuil an comhthiomsú á fheidhmiú ag banc ceannais, faoi línte creidmheasa nach bhfuil geallta agus atá ar fáil don institiúid ach nach bhfuil cistithe go fóill, lena n-áirítear sócmhainní arna láithriú ag institiúid creidmheasa le hinstitiúid lárnach i líonra comharchumann nó i scéim cosanta institiúideach;
(b)
sócmhainní atá faighte ag an institiúid mar chomhthaobhacht ar mhaithe le maolú
►C12
riosca ◄ creidmheasa in idirbhearta iasachta urraithe, idirbhearta maoiniúcháin urraithe nó idirbhearta malartaithe comhthaobhachta agus a fhéadfaidh an institiúid a dhiúscairt;
(c)
sócmhainní atá ceangailte mar rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhéigeantach le heisiúint bannaí faoi chumhdach.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, toimhdeoidh institiúidí go mbeidh na sócmhainní sa chomhthiomsú ualaithe in ord méadaitheach a leachtachta bunaithe ar an aicmiú leachtachta a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ag tosú le sócmhainní nach incháilithe le haghaidh an mhaoláin leachtachta.
|
|
Airteagal 428aq 7.
|
I gcás oibríochtaí neamhchaighdeánacha sealadacha arna gcur i gcrích ag BCE nó ag banc ceannais Ballstáit nó ag banc ceannais tríú tír chun a shainordú a chomhlíonadh i dtréimhse struis airgeadais ar fud an mhargaidh nó i gcúinsí eisceachtúla maicreacnamaíocha, féadfaidh na sócmhainní seo a leanas fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe a fháil:
(a)
sócmhainní atá ualaithe do na hoibríochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, de mhaolú ar Airteagal 428aw agus ar phointe (a) d'Airteagal 428az(1);
(b)
airgead a thiocfaidh as na hoibríochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, de mhaolú ar Airteagal 428aw agus ar phointe (b) d'Airteagal 428ay.
Cinnfidh na húdaráis inniúla, i gcomhaontú leis an mbanc ceannais arb é contrapháirtí an idirbhirt é, an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm ar na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír. I gcás sócmhainní ualaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, atá le cur i bhfeidhm, níos lú ná an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a mbeadh feidhm aige, faoi Roinn 2, maidir leis na sócmhainní sin dá mbeidís á sealbhú go neamhualaithe. Agus fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe á chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán géar ar an tionchar a bheidh ag an bhfachtóir laghdaithe sin ar shuíomhanna cistiúcháin chobhsaí de chuid institiúidí agus déanfaidh siad bearta maoirseachta iomchuí i gcás inar gá.
|
|
Airteagal 428aq 8.
|
I dtaca le hinstitiúidí sócmhainní a bhaineann le comhthaobhacht a aithnítear mar chorrlach athrúcháin arna bhreacadh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 428k(4) agus Airteagal 428ah(2) nó mar chorrlach tosaigh arna bhreacadh nó mar ranníocaíocht le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh i gcomhréir le pointe (a) agus le pointe (b) d'Airteagal 428ag, eisiafaidh siad na sócmhainní sin ó chodanna eile de ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh i gcomhréir leis an gCaibidil seo chun aon chomhaireamh dúbailte a sheachaint.
|
|
Airteagal 428aq 9.
|
Áireoidh institiúidí sa ríomh a dhéanfaidh siad ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh ionstraimí airgeadais, airgeadraí iasachta agus tráchtearraí a ndearnadh ordú ceannaigh ina leith. Eisiafaidh siad ó ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh ionstraimí airgeadais, airgeadraí iasachta agus tráchtearraí a ndearnadh ordú ceannaigh ina leith, ar choinníoll nach léireofar na hidirbhearta sin mar dhíorthaigh nó mar idirbhearta cistithe urraithe ar chlár comhardaithe na hinstitiúide agus go léireofar na hidirbhearta sin ar chlár comhardaithe na hinstitiúide nuair a bheidh siad socraithe.
|
|
Airteagal 428aq 10.
|
Féadfaidh údaráis inniúla na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chinneadh le cur i bhfeidhm ar
►C12
neamhchosainti ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe nach dtagraítear dóibh sa Chaibidil seo lena áirithiú go gcoinneoidh institiúidí méid iomchuí an chistiúcháin chobhsaí ar fáil don sciar de na
►C12
neamhchosainti ◄ sin a meastar ina leith go mbeidh cistiú de dhíth orthu thar thréimhse ionchasach bliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí. Chun na fachtóirí sin a chinneadh, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh, go háirithe, damáiste ábhartha do chlú na hinstitiúide a d'fhéadfadh tarlú i gcás nach gcuirfí an cistiú sin ar fáil. Cuirfidh na húdaráis inniúla tuairisc chuig ÚBE ar bhonn bliantúil ar a laghad maidir leis na cineálacha
►C12
neamhchosainti ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe a bhfuil na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh cinntithe acu ina leith. Áireoidh siad sa tuairisc sin míniú ar an modheolaíocht arna cur i bhfeidhm chun na fachtóirí sin a chinneadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|