+Airteagal 428az Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 %
---+Airteagal 428az 1.
---+Airteagal 428az 2.
|
Airteagal 428az Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 %
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 428az 1.
|
Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 %:
(a)
aon sócmhainní ualaithe le haghaidh aibíocht iarmhair bliana nó níos mó;
(b)
aon sócmhainní eile cé is moite díobh sin dá dtagraítear in Airteagal 428as go hAirteagal 428ay, lena n-áirítear iasachtaí do chustaiméirí airgeadais a bhfuil aibíocht chonarthach iarmhair bliana nó níos mó acu,
►C12
neamhchosainti ◄ neamhthuillmheacha, ítimí a asbhainfear as cistí dílse, sócmhainní seasta, cothromais nach cothromais arna dtrádáil ar na stocmhalartáin iad, leas coinnithe, sócmhainní árachais, urrúis ar mainneachtain.
|
|
Airteagal 428az 2.
|
Cuirfidh institiúidí fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 % i bhfeidhm ar an difríocht, más difríocht dhearfach, idir suim na luachanna córa feadh gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir dearfach acu agus suim na luachanna córa feadh gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach acu arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 428d. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
bainfear an corrlach athrúcháin a gheobhaidh institiúidí óna gcontrapháirtithe ón luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir deimhneach aige i gcás ina gcáileoidh an chomhthaobhacht a gheofar mar chorrlach athrúcháin mar shócmhainn leibhéal 1 de bhun an ghnímh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, agus i gcás ina bhfuil an teideal dlí agus an cumas oibríochtúil ag institiúidí an chomhthaobhacht sin a athúsáid;
(b)
bainfear an corrlach uile athrúcháin a bhreacfaidh institiúidí dá gcontrapháirtithe as luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach aige.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|