|
+Airteagal 429 4. |
Airteagal 429 4.Chun críocha mhír 2, beidh tomhas na ►C12 neamhchosainta ◄ iomláine cothrom le suim luachanna ►C12 neamhchosainta ◄ na nithe seo a leanas:
(a)
sócmhainní, cé is moite de na conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II, díorthaigh chreidmheasa agus na suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 429e, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429b(1);
(b)
conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa, lena n-áirítear na conarthaí agus na díorthaigh chreidmheasa sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429c agus le hAirteagal 429d;
(c)
forlíontáin le haghaidh ►C12 riosca ◄ creidmheasa contrapháirtí na n-idirbheart um maoiniú urrús, lena n-áirítear iad siúd atá lasmuigh den chlár comhardaithe, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429e;
(d)
ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe, cé is moite de na conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II, díorthaigh chreidmheasa, idirbhearta um maoiniú urrús agus suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 429d agus 429g, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429f;
(e)
gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán atá fós le socrú, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429g. Déanfaidh institiúidí idirbhearta socraíochta iarchurtha a láimhseáil i gcomhréir le pointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír, de réir mar is infheidhme. Féadfaidh institiúidí na luachanna ►C12 neamhchosainta ◄ dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír a laghdú faoi mhéid comhfhreagrach na gcoigeartuithe ginearálta ►C12 riosca ◄ creidmheasa ar ítimí atá ar an gclár comhardaithe nó lasmuigh de, faoi seach, faoi réir íostairseach 0 i gcás ina ndearnadh caipiteal Leibhéal 1 a laghdú mar thoradh ar na coigeartuithe ►C12 riosca ◄ creidmheasa. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|