+Airteagal 429 An cóimheas luamhánaithe a ríomh
---+Airteagal 429 1.
---+Airteagal 429 2.
---+Airteagal 429 3.
---+Airteagal 429 4.
---+Airteagal 429 5.
---+Airteagal 429 6.
---+Airteagal 429 7.
---+Airteagal 429 8.

Airteagal 429 An cóimheas luamhánaithe a ríomh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 429 1.
Ríomhfaidh institiúidí a gcóimheas luamhánaithe i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i mír 2, 3 agus 4.
Airteagal 429 2.
Ríomhfar an cóimheas luamhánaithe mar thomhas caipitil institiúide arna roinnt faoi thomhas ►C12  neamhchosainta ◄ iomláine na hinstitiúide sin agus sloinnfear é mar chéatadán.

Ríomhfaidh institiúidí an cóimheas luamhánaithe ag an dáta tuairiscithe tagartha.

Airteagal 429 3.
Chun críocha mhír 2, beidh an tomhas caipitil cothrom le caipiteal Leibhéal 1.
Airteagal 429 4.

Chun críocha mhír 2, beidh tomhas na ►C12  neamhchosainta ◄ iomláine cothrom le suim luachanna ►C12  neamhchosainta ◄ na nithe seo a leanas:

(a) 

sócmhainní, cé is moite de na conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II, díorthaigh chreidmheasa agus na suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 429e, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429b(1);

(b) 

conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa, lena n-áirítear na conarthaí agus na díorthaigh chreidmheasa sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429c agus le hAirteagal 429d;

(c) 

forlíontáin le haghaidh ►C12  riosca ◄ creidmheasa contrapháirtí na n-idirbheart um maoiniú urrús, lena n-áirítear iad siúd atá lasmuigh den chlár comhardaithe, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429e;

(d) 

ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe, cé is moite de na conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II, díorthaigh chreidmheasa, idirbhearta um maoiniú urrús agus suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 429d agus 429g, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429f;

(e) 

gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán atá fós le socrú, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429g.

Déanfaidh institiúidí idirbhearta socraíochta iarchurtha a láimhseáil i gcomhréir le pointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír, de réir mar is infheidhme.

Féadfaidh institiúidí na luachanna ►C12  neamhchosainta ◄ dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír a laghdú faoi mhéid comhfhreagrach na gcoigeartuithe ginearálta ►C12  riosca ◄ creidmheasa ar ítimí atá ar an gclár comhardaithe nó lasmuigh de, faoi seach, faoi réir íostairseach 0 i gcás ina ndearnadh caipiteal Leibhéal 1 a laghdú mar thoradh ar na coigeartuithe ►C12  riosca ◄ creidmheasa.

Airteagal 429 5.

De mhaolú ar phointe (d) de mhír 4, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

▼C7

(a) 

beidh ítim lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le pointe (d) de mhír 4 a dhéantar a láimhseáil mar dhíorthach i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, beidh sí faoi réir na láimhseála a leagtar amach i bpointe (b) den mhír sin;

▼M8

(b) 

i gcás ina ndéanfaidh cliant institiúide, ag gníomhú dó mar chomhalta imréitigh, idirbheart go díreach le contrapháirtí lárnach agus ina ráthóidh an institiúid feidhmíocht ►C12  neamhchosaintí ◄ trádála a cliaint ar an gcontrapháirtí lárnach a thagann as an idirbheart sin, ríomhfaidh an institiúid a ►C12  neamhchosaint ◄ ar toradh ar an ráthaíocht í i gcomhréir le pointe (b) de mhír 4, amhail agus go ndearna an institiúid an t-idirbheart go díreach leis an gcliant, lena n-áirítear maidir le corrlach athrúcháin in airgead tirim a fháil nó a sholáthar.

Beidh feidhm ag an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (b) den chéad fhomhír maidir le hinstitiúid atá ag gníomhú mar chliant ardleibhéil a ráthaíonn feidhmíocht ►C12  neamhchosainti ◄ trádála a cliaint.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), agus chun críocha an dara fomhír den mhír seo, ní fhéadfaidh institiúidí a mheas gur cliant é eintiteas cleamhnaithe ach amháin i gcás ina bhfuil an t-eintiteas sin lasmuigh den scóip rialála maidir le comhdhlúthú ar an leibhéal ag a gcuirtear i bhfeidhm an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 92(4), pointe (e).

Airteagal 429 6.
Chun críocha mhír 4, pointe (e), den Airteagal seo agus Airteagal 429g, ciallaíonn “gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán” ceannach nó díolachán sócmhainne airgeadais faoi chonarthaí a n-éilítear sna téarmaí a ghabhann leo go ndéanfar an tsócmhainn airgeadais a sheachadadh laistigh den tréimhse ama arna bunú go ginearálta le dlí nó le gnás sa mhargadh lena mbaineann.
Airteagal 429 7.

Mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite sa Chuid seo, ríomhfaidh na hinstitiúidí tomhas na ►C12  neamhchosainta ◄ iomláine i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a) 

ní úsáidfear comhthaobhacht fhisiceach ná airgeadais, ráthaíochtaí ná maolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa ceannaithe chun tomhas na ►C12  neamhchosainta ◄ iomláine a laghdú;

(b) 

ní dhéanfar sócmhainní a ghlanluacháil le dliteanais.

Airteagal 429 8.

De mhaolú ar phointe (b) de mhír 7, féadfaidh institiúidí luach ►C12  neamhchosainta ◄ iasachta réamh-mhaoiniúcháin nó iasachta idirmheánaí a laghdú le hiarmhéid dearfach chuntas coigiltis an fhéichiúnaí dá deonaíodh an iasacht agus gan ach an méid a thiocfaidh as sin a áireamh i dtomhas iomlán na ►C12  neamhchosainta ◄ , ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

le go ndeonófar an iasacht, caithfear cuntas coigiltis a oscailt san institiúid a dheonóidh an iasacht agus is faoin dlí earnálach céanna a dhéanfar an iasacht agus an cuntas coigiltis a rialú;

(b) 

ní fhéadfaidh an féichiúnaí iarmhéid an chuntais coigiltis a aistarraingt, go páirteach ná go hiomlán, le linn shaol iomlán na hiasachta;

(c) 

féadfaidh an institiúid leas a bhaint, go neamhchoinníollach agus go neamh-inchúlghairthe, as iarmhéid an chuntais coigiltis chun éileamh ar bith a chuimsítear faoin gcomhaontú iasachta a shocrú i gcásanna a rialaítear faoin dlí earnálach dá dtagraítear i bpointe (a), lena n-áirítear i gcás nach n-íocann an féichiúnaí nó i gcás dhócmhainneacht an fhéichiúnaí.

Ciallaíonn “Iasacht réamh-mhaoiniúcháin” nó “iasacht idirmheánach” iasacht a dheonaítear don iasachtaí ar feadh tréimhse theoranta ama chun bearna maoiniúcháin an iasachtaí a líonadh go dtí go ndeonaítear an iasacht deiridh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa dlí earnálach lena rialaítear na hidirbhearta sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas