|
+Airteagal 429b 2. |
Airteagal 429b 2.Ní sháraíonn socrú comhthiomsaithe airgid arna thairiscint ag institiúid an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 429(7) ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an socrú an dá choinníoll a leanas araon:
(a)
aistríonn an institiúid a bhfuil an socrú comhthiomsaithe airgid á thairiscint aici iarmhéideanna sochair agus dochair chuntais aonair éagsúla eintiteas grúpa a áirítear sa socrú (“cuntais bhunaidh”) isteach i gcuntas aonair ar leith agus, ar an gcaoi sin, socraíonn sí iarmhéideanna na gcuntas bunaidh go náid;
(b)
cuireann an institiúid na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo i gcrích ar bhonn laethúil. Chun críocha na míre seo agus mhír 3, ciallaíonn “socrú comhthiomsaithe airgid”, socrú lena ndéantar iarmhéideanna sochair agus dochair cuntas aonair éagsúil a chur le chéile ar mhaithe le bainistiú airgid nó leachtachta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|