|
+Airteagal 429c 3. |
Airteagal 429c 3.Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh institiúidí ach comhthaobhacht a fhaightear in airgead tirim óna gcontrapháirtithe a aithint mar an corrlach athrúcháin dá dtagraítear in Airteagal 275 agus costas athsholáthair na gconarthaí díorthacha á ríomh acu i gcomhréir le hAirteagal 275, i gcás nár aithníodh sa chreat cuntasaíochta is infheidhme an corrlach athrúcháin cheana féin mar laghdú ar an luach ►C12 neamhchosainta ◄ agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
i gcomhair trádálacha nach n-imréitítear trí chontrapháirtí lárnach cáilitheach, ní leithscartar an t-airgead tirim a gheobhaidh an contrapháirtí is faighteoir ó shócmhainní na hinstitiúide;
(b)
déantar an corrlach athrúcháin a ríomh agus a mhalartú ar bhonn laethúil ar a laghad bunaithe ar luacháil maidir le marcáil ón margadh na suíomhanna díorthach;
(c)
tá an corrlach athrúcháin a fuarthas, tá sé in airgeadra a shonraítear sa chonradh díorthach, lena rialaítear máistir-chomhaontú glanluachála, iarscríbhinn maidir le tacaíocht creidmheasa a ghabhann leis an máistir-chomhaontú glanluachála cáilitheach nó mar a shainmhínítear in aon chomhaontú glanluachála le contrapháirtí lárnach cáilitheach;
(d)
is é an corrlach athrúcháin a fuarthas an méid iomlán a bheadh de dhíth chun ►C12 neamhchosaint ◄ maidir le marcáil ón margadh an chonartha díorthach a mhúchadh faoi réir na tairsí agus na n-íosmhéideanna aistrithe is infheidhme maidir leis an gcontrapháirtí;
(e)
Cumhdaítear an conradh díorthach agus an corrlach athrúcháin idir an institiúid agus contrapháirtí an chonartha sin faoi chomhaontú glanluachála aonair a fhéadfaidh an institiúid a láimhseáil mar laghdú ►C12 riosca ◄ i gcomhréir le hAirteagal 295. I gcás ina soláthróidh institiúid comhthaobhacht airgid thirim do chontrapháirtí agus go gcomhlíonfaidh an chomhthaobhacht sin na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír, measfaidh an institiúid an chomhthaobhacht sin a bheith ina corrlach athrúcháin a bhreactar le contrapháirtí agus cuirfidh an institiúid san áireamh í agus an costas athsholáthair á ríomh. Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, measfar go bhfuil institiúid tar éis an coinníoll a leagtar amach ann a chomhlíonadh i gcás ina malartófar an corrlach athrúcháin ar maidin an lae trádála i ndiaidh an lae trádála ar a sonraíodh an conradh díorthach, ar choinníoll go mbunófar an malartú ar luach an chonartha ag deireadh an lae trádála ar a sonraíodh an conradh. Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, i gcás ina mbeidh díospóid chorrlaigh ann, féadfaidh institiúidí méid na comhthaobhachta nach ábhar díospóide é a malartaíodh a aithint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|