+Airteagal 429c Luach►C12neamhchosainta◄na ndíorthach a ríomh
---+Airteagal 429c 1.
---+Airteagal 429c 2.
---+Airteagal 429c 3.
---+Airteagal 429c 4.
---+Airteagal 429c 4a.
---+Airteagal 429c 5.
---+Airteagal 429c 6.

Airteagal 429c Luach►C12neamhchosainta◄na ndíorthach a ríomh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 429c 1.
Ríomhfaidh institiúidí luach ►C12  neamhchosainta ◄ na gconarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus na ndíorthach creidmheasa, lena n-áirítear na cinn sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe, i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i gCuid a Trí de Chaibidil 6 de Theideal II de Roinn a Trí.

Agus an luach ►C12  neamhchosainta ◄ á ríomh, féadfaidh institiúidí éifeachtaí conarthaí le haghaidh nuachana agus comhaontuithe glanluachála eile a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 295. Ní chuirfidh institiúidí glanluacháil trastáirgí san áireamh, ach féadfaidh siad glanluacháil a dhéanamh laistigh den chatagóir táirgí dá dtagraítear i bpointe (25)(c) d'Airteagal 272 agus laistigh de dhíorthaigh creidmheasa i gcás ina bhfuil siad faoi réir comhaontú glanluachála trastáirgí conarthach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 295.

Áireoidh institiúidí sa tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ iomlán céadroghanna arna ndíol fiú i gcás ina bhféadtar a luach ►C12  neamhchosainta ◄ a shocrú go náid i gcomhréir leis an láimhseáil a leagtar síos in Airteagal 274(5).

Airteagal 429c 2.
I gcás ina dtiocfaidh laghdú ar líon na sócmhainní faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme de thoradh sholáthar na comhthaobhachta a bhaineann le conarthaí díorthach, déanfaidh institiúidí an laghdú sin a fhreaschur.
Airteagal 429c 3.

Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh institiúidí ach comhthaobhacht a fhaightear in airgead tirim óna gcontrapháirtithe a aithint mar an corrlach athrúcháin dá dtagraítear in Airteagal 275 agus costas athsholáthair na gconarthaí díorthacha á ríomh acu i gcomhréir le hAirteagal 275, i gcás nár aithníodh sa chreat cuntasaíochta is infheidhme an corrlach athrúcháin cheana féin mar laghdú ar an luach ►C12  neamhchosainta ◄ agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

▼M17

(a) 

i gcomhair trádálacha nach n-imréitítear trí chontrapháirtí lárnach cáilitheach, ní leithscartar an t-airgead tirim a gheobhaidh an contrapháirtí is faighteoir ó shócmhainní na hinstitiúide;

▼M8

(b) 

déantar an corrlach athrúcháin a ríomh agus a mhalartú ar bhonn laethúil ar a laghad bunaithe ar luacháil maidir le marcáil ón margadh na suíomhanna díorthach;

(c) 

tá an corrlach athrúcháin a fuarthas, tá sé in airgeadra a shonraítear sa chonradh díorthach, lena rialaítear máistir-chomhaontú glanluachála, iarscríbhinn maidir le tacaíocht creidmheasa a ghabhann leis an máistir-chomhaontú glanluachála cáilitheach nó mar a shainmhínítear in aon chomhaontú glanluachála le contrapháirtí lárnach cáilitheach;

(d) 

is é an corrlach athrúcháin a fuarthas an méid iomlán a bheadh de dhíth chun  ►C12  neamhchosaint ◄ maidir le marcáil ón margadh an chonartha díorthach a mhúchadh faoi réir na tairsí agus na n-íosmhéideanna aistrithe is infheidhme maidir leis an gcontrapháirtí;

(e) 

Cumhdaítear an conradh díorthach agus an corrlach athrúcháin idir an institiúid agus contrapháirtí an chonartha sin faoi chomhaontú glanluachála aonair a fhéadfaidh an institiúid a láimhseáil mar laghdú ►C12  riosca ◄ i gcomhréir le hAirteagal 295.

I gcás ina soláthróidh institiúid comhthaobhacht airgid thirim do chontrapháirtí agus go gcomhlíonfaidh an chomhthaobhacht sin na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír, measfaidh an institiúid an chomhthaobhacht sin a bheith ina corrlach athrúcháin a bhreactar le contrapháirtí agus cuirfidh an institiúid san áireamh í agus an costas athsholáthair á ríomh.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, measfar go bhfuil institiúid tar éis an coinníoll a leagtar amach ann a chomhlíonadh i gcás ina malartófar an corrlach athrúcháin ar maidin an lae trádála i ndiaidh an lae trádála ar a sonraíodh an conradh díorthach, ar choinníoll go mbunófar an malartú ar luach an chonartha ag deireadh an lae trádála ar a sonraíodh an conradh.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, i gcás ina mbeidh díospóid chorrlaigh ann, féadfaidh institiúidí méid na comhthaobhachta nach ábhar díospóide é a malartaíodh a aithint.

Airteagal 429c 4.
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ní chuirfidh institiúidí comhthaobhacht a fuarthas i nglanmhéid na comhthaobhachta neamhspleáiche a ríomh mar a shainítear in Airteagal 272, pointe (12a).
Airteagal 429c 4a.

De mhaolú ar mhír 3 agus 4, féadfaidh institiúid aon chomhthaobhacht a fhaightear i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 3, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

faightear an chomhthaobhacht ó chliant le haghaidh conradh díorthach a rinne an institiúid a imréiteach thar ceann an chliaint sin;

(b) 

déantar an conradh dá dtagraítear i bpointe (a) a imréiteach trí QCCP;

(c) 

i gcás ina bhfuarthas an chomhthaobhacht i bhfoirm corrlaigh tosaigh, déantar an chomhthaobhacht sin a dheighilt ó shócmhainní na hinstitiúide.

Airteagal 429c 5.
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, socróidh institiúidí luach an iolraitheora a úsáidfear chun an ►C12  neamhchosaint ◄ a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 278(1) go haon, ach amháin i gcás conarthaí díorthach le cliaint i gcás ina ndéanfaidh contrapháirtí lárnach cáilitheach na conarthaí sin a imréiteach.
Airteagal 429c 6.

De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí an modh a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 4 nó 5, a úsáid chun luach neamhchosanta an mhéid seo a leanas a chinneadh:

(a) 

conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa, i gcás ina n-úsáideann siad an modh sin freisin chun luach neamhchosanta na gconarthaí sin a chinneadh ar mhaithe leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach in Airteagal 92(1), pointí (a), (b) agus (c),) a chomhlíonadh;

(b) 

díorthaigh chreidmheasa a gcuireann siad an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 273(3) nó (5) i bhfeidhm ina leith, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an modh sin a úsáid.

I gcás ina gcuirfidh institiúidí ceann de na modhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm, ní laghdóidh siad an tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ iomlán faoi mhéid an chorrlaigh a fuair siad.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas