+Airteagal 429d Forálacha breise maidir le luach na►C12neamhchosainta◄atá ag na díorthaigh chreidmheasa i scríbhinn a ríomh
---+Airteagal 429d 1.
---+Airteagal 429d 2.
---+Airteagal 429d 3.
---+Airteagal 429d 4.
---+Airteagal 429d 5.
---+Airteagal 429d 6.
---+Airteagal 429d 7.

Airteagal 429d Forálacha breise maidir le luach na►C12neamhchosainta◄atá ag na díorthaigh chreidmheasa i scríbhinn a ríomh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 429d 1.
Chun chríocha an Airteagail seo, ciallaíonn “díorthach creidmheasa i scríbhinn” aon ionstraim airgeadais lena soláthraíonn institiúid cosaint chreidmheasa ar bhonn éifeachtach, lena n-áirítear babhtálacha mainneachtana creidmheasa, babhtálacha toraidh iomláin agus roghanna i gcás ina bhfuil an oibleagáid ar an institiúid cosaint chreidmheasa a sholáthar faoi choinníollacha a shonraítear sa chonradh roghanna.
Airteagal 429d 2.
De bhreis ar an ríomh a leagtar síos in Airteagal 429c, áireoidh institiúidí i ríomh luach na ►C12  neamhchosainta ◄ a bheidh ag na díorthaigh creidmheasa i scríbhinn na méideanna barúlacha iarbhír dá dtagraítear sna díorthaigh creidmheasa i scríbhinn arna laghdú le haon athruithe diúltacha ar an luach cóir a ionchorpraíodh i gcaipiteal Leibhéal 1 maidir leis na díorthaigh creidmheasa i scríbhinn sin.

Ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach iarbhír a bheidh ag díorthaigh creidmheasa i scríbhinn trí bhíthin méid barúlach na ndíorthach sin a choigeartú chun fíor-neamhchosaint na gconarthaí atá luamhánaithe nó ar shlí eile feabhsaithe le struchtúr an idirbhirt.

Airteagal 429d 3.

Féadfaidh institiúidí luach na ►C12  neamhchosainta ◄ a laghdú go hiomlán nó go páirteach a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 faoi mhéid barúlach iarbhír na ndíorthach creidmheasa a ceannaíodh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) 

is ionann aibíocht iarmhair an díorthaigh creidmheasa a ceannaíodh agus aibíocht iarmhair an díorthaigh creidmheasa i scríbhinn nó is mó aibíocht iarmhair an díorthaigh creidmheasa a ceannaíodh ná aibíocht iarmhair an díorthaigh creidmheasa i scríbhinn;

(b) 

tá an díorthach creidmheasa a ceannaíodh ar shlí eile faoi réir na dtéarmaí ábhartha céanna leis an díorthach creidmheasa i scríbhinn chomhfhreagrach nó téarmaí ábhartha níos coimeádaí ná téarmaí an díorthaigh sin;

(c) 

ní ó chontrapháirtí a d'fhágfadh an institiúid ar ►C12  neamhchosaint ◄ ar Shainpriacal Comhghaolmhaireachta, mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 291(1), ní ó chontrapháirtí den chineál sin a cheannaítear an díorthach creidmheasa a ceannaíodh;

(d) 

i gcás ina laghdaítear méid barúlach iarbhír an díorthaigh creidmheasa i scríbhinn faoi aon athrú diúltach ar an luach cóir a ionchorpraítear i gcaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, laghdaítear méid barúlach iarbhír an díorthaigh creidmheasa a ceannaíodh faoi aon athrú deimhneach ar an luach cóir a ionchorpraítear i gcaipiteal Leibhéal 1;

(e) 

ní áirítear an díorthach creidmheasa a ceannaíodh in idirbheart a rinne an institiúid a imréiteach thar ceann cliaint nó a rinne an institiúid a imréiteach ina ról mar chliant ar leibhéal níos airde i struchtúr cliant il-leibhéal agus a n-eisiatar an méid barúlach iarbhír dá dtagraítear sa díorthach creidmheasa i scríbhinn chomhfhreagrach ón tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ ina leith sin i gcomhréir le pointe (g) nó le pointe (h) den chéad fhomhír d'Airteagal 429a(1), de réir mar is infheidhme.

Chun críocha ríomh na ►C12  neamhchosainta ◄ féideartha todhchaíche ar chreidmheas i gcomhréir le hAirteagal 429c(1), féadfaidh institiúidí an chuid sin de dhíorthach creidmheasa i scríbhinn a eisiamh ón tacar glanluachála ar díorthach creidmheasa i scríbhinn é nach ndéantar a fhritháireamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo agus a n-áirítear an méid barúlach iarbhír sa tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ ina leith.

Airteagal 429d 4.
Chun críocha phointe (b) de mhír 3, ciallaíonn “téarma ábhartha” aon ghné den díorthach creidmheasa a bhaineann lena luacháil sin, lena n-áirítear an leibhéal tánaistithe, an roghnaíocht, na teagmhais chreidmheasa, an t-eintiteas tagartha foluiteach nó comhthiomsú eintiteas, agus an oibleagáid tagartha fholuiteach nó comhthiomsú oibleagáidí den chineál sin, seachas an méid barúlach agus aibíocht iarmhair an díorthaigh creidmheasa. Is nuair a thagróidh dhá ainm tagartha don eintiteas dlíthiúil céanna, agus sa chás sin amháin, arb ionann iad.
Airteagal 429d 5.
De mhaolú ar phointe (b) de mhír 3, féadfaidh institiúidí díorthaigh chreidmheasa a ceannaíodh a úsáid ar chomhthiomsú ainmneacha tagartha chun díorthaigh creidmheasa i scríbhinn ar ainmneacha tagartha ar leith laistigh den chomhthiomsú sin i gcás inarb ionann an comhthiomsú eintiteas tagartha agus leibhéal an tánaistithe sa dá idirbheart.
Airteagal 429d 6.
Ní laghdóidh institiúidí an méid barúlach iarbhír atá ag díorthaigh creidmheasa i scríbhinn i gcás ina gceannóidh siad cosaint chreidmheasa trí bhabhtáil an toraidh iomláin agus ina ndéanfaidh sé taifead ar na glaníocaíochtaí arna bhfáil mar ghlanioncam, ach nach ndéanfaidh siad taifead ar aon mheath fritháirimh i luach an díorthaigh creidmheasa i scríbhinn i gcaipiteal Leibhéal 1.
Airteagal 429d 7.
I gcás díorthach creidmheasa a ceannaíodh ar chomhthiomsú oibleagáidí tagartha, féadfaidh institiúidí laghdú a dhéanamh ar an méid barúlach iarbhír atá ag díorthaigh creidmheasa i scríbhinn ar oibleagáidí tagartha ar leith faoin méid barúlach iarbhír atá ag díorthaigh creidmheasa a ceannaíodh i gcomhréir le mír 3 ach amháin i gcás go bhfuil an chosaint a ceannaíodh coibhéiseach ó thaobh an gheilleagair de le cosaint a cheannach ar leithligh ar gach ceann de na hoibleagáidí ar leith sa chomhthiomsú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas