|
+Airteagal 430 8. |
Airteagal 430 8.Measúnóidh ÚBE na costais agus na sochair a bheidh ag na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i nGníomh Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún ( 36 ) i gcomhréir leis an mír seo agus tuairisceoidh sé na torthaí chuig an gCoimisiún faoin 28 Meitheamh 2020. Déanfar an measúnú sin a chur i gcrích, go háirithe i ndáil le hinstitiúidí beaga agus neamhchasta. Chun na gcríoch sin, déanfar an méid seo a leanas sa tuarascáil sin:
(a)
rangófar institiúidí faoi chatagóirí atá bunaithe ar a méid, ar chastacht agus ar chineál agus ar leibhéal ►C12 riosca ◄ na ngníomhaíochtaí atá acu;
(b)
tomhaisfear na costais tuairiscithe nach mór do gach catagóir institiúide a chur de sa tréimhse ábhartha chun na ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh a leagtar amach i nGníomh Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014, agus na prionsabail seo a leanas á gcur san áireamh:
(i)
tomhaisfear na costais tuairiscithe mar chóimheas idir na costais tuairiscithe agus costais iomlána na hinstitiúide le linn na tréimhse ábhartha;
(ii)
is costais tuairiscithe iad gach caiteachas a bhaineann leis na córais tuairiscithe a chur chun feidhme nó a oibriú ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear caiteachas ar fhoireann, ar chórais FT, ar sheirbhísí dlí, cuntasaíochta, iniúchóireachta agus comhairliúcháin;
(iii)
tagróidh an tréimhse ábhartha do gach tréimhse bhliantúil ina raibh costais tuairiscithe ar institiúidí chun ullmhú do na ceanglais tuairiscithe a chur chun feidhme a leagtar síos i nGníomh Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014, agus leanúint ar aghaidh ag oibriú na gcóras tuairiscithe ar bhonn leanúnach;
(c)
déanfar a mheas an raibh na costais tuairiscithe, arna dtabhú ag gach catagóir institiúidí, comhréireach leis na tairbhí a thug na ceanglais tuairiscithe chun críocha na maoirseachta stuamachta;
(d)
measfar an tionchar a bheadh ag laghdú na gceanglas tuairiscithe ar chostais agus ar mhaoirseacht éifeachtach; agus
(e)
déanfar moltaí faoin dóigh le laghdú a dhéanamh ar na ceanglais tuairiscithe, i gcás institiúidí beaga neamhchasta, ar a laghad; chuige sin, beidh sé mar sprioc ag ÚBE an meánchostas a bhfuiltear ag súil leis a laghdú 10 %, ar a laghad, ach 20 % más féidir. Déanfaidh ÚBE a mheas, go háirithe, an bhféadfaí:
(i)
na ceanglais tuairiscithe dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1 a tharscaoileadh i gcás institiúidí beaga neamhchasta agus i gcás ina raibh ualú sócmhainní faoi bhun tairseach áirithe;
(ii)
minicíocht an tuairiscithe a cheanglaítear i gcomhréir le pointe (a), pointe (c) agus pointe (g) de mhír 1 a laghdú d'institiúidí beaga neamhchasta. Leis an tuarascáil sin ó ÚBE, gabhfaidh dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|