+Airteagal 430 Tuairisciú ar cheanglais stuamachta agus ar fhaisnéis airgeadais
---+Airteagal 430 1.
---+Airteagal 430 1a.
---+Airteagal 430 2.
---+Airteagal 430 2a.
---+Airteagal 430 2b.
---+Airteagal 430 3.
---+Airteagal 430 4.
---+Airteagal 430 5.
---+Airteagal 430 6.
---+Article 430 7.
---+Airteagal 430 8.
---+Airteagal 430 9.
---+Airteagal 430 10.
---+Airteagal 430 11.

Airteagal 430 Tuairisciú ar cheanglais stuamachta agus ar fhaisnéis airgeadais

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 430 1.

Tuairisceoidh institiúidí dá n-údaráis inniúla maidir leis an méid a leanas:

(a) 

ceanglais cistí dílse, lena n-áirítear ceanglais an chóimheasa luamhánaithe, a leagtar amach in Airteagal 92 agus i gCuid a Seacht;

(b) 

i gcás na n-institiúidí atá faoi réir na gceanglas sin, na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 92a agus 92b;

(c) 

►C12  neamhchosaint ◄ móra mar a leagtar amach in Airteagal 394;

(d) 

ceanglais leachtachta mar a leagtar amach in Airteagal 415;

(e) 

na mionsonraí comhiomlána maidir le gach margadh maoine dochorraithe náisiúnta a leagtar amach in Airteagal 430a(1);

(f) 

na ceanglais agus an treoir a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE is incháilithe le haghaidh tuairisciú caighdeánaithe, seachas aon cheanglais bhreise maidir le tuairisciú faoi phointe (j) d'Airteagal 104(1) den Treoir sin;

(g) 

an leibhéal ualaithe sócmhainní, lena n-áirítear miondealú de réir chineál an ualaithe sócmhainní, amhail comhaontuithe athcheannaigh, iasachtú urrús, ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsaithe nó iasachtaí;

▼M17

(h) 

a neamhchosaintí ar rioscaí CSR lena n-áirítear:

(i) 

a neamhchosaintí reatha agus nua ó thaobh eintitis in earnáil na mbreoslaí iontaise;

(ii) 

a neamhchosaintí ó thaobh rioscaí fisiciúla agus rioscaí aistrithe;

(i) 

a neamhchosaintí cripteashócmhainní.

▼M8

Ní bheidh institiúidí dá dtagraítear in Airteagal 6(5) faoi réir an cheanglais um thuairisciú ar an gcóimheas luamhánaithe a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo ar bhonn aonair.

Airteagal 430 1a.
Is amhlaidh, chun críocha phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, nuair a thuairiscíonn institiúidí ar cheanglais cistí dílse maidir le hurrúsuithe, go n-áireofar ar an bhfaisnéis a thuairiscíonn siad faisnéis faoi urrúsuithe NPE a thairbhíonn den láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 269a, faoi urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe a thionscnaíonn siad, agus faoi mhiondealú na sócmhainní a fholuíonn urrúsuithe STS sin laistigh den chlár comhardaithe de réir aicme sócmhainne.
Airteagal 430 2.
Anuas ar an tuairisciú maidir leis an gcóimheas luamhánaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 agus lena chur ar chumas na n-údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar an gcóimheas luamhánaithe, go háirithe maidir le dátaí tagartha tuairiscithe, tabharfaidh institiúidí tuairisc ar na comhpháirteanna sonracha den chóimheas luamhánaithe dá n-údarás inniúil, bunaithe ar an meán le linn na tréimhse tuairiscithe agus na sonraí a úsáidtear chun na meáin sin a ríomh.
Airteagal 430 2a.
Agus a gceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo á dtuairisciú acu, déanfaidh institiúidí na ríomhanna a leagtar amach in Airteagal 325c(2), pointí (a), (b) agus (c), a thuairisciú ar leithligh do phunann gach suímh leabhair trádála nó gach suímh leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí agus riosca tráchtearraí.
Airteagal 430 2b.
Agus a gceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo á dtuairisciú acu, déanfaidh institiúidí na ríomhanna a leagtar amach in Airteagal 325ba(1), pointí (a)(i) agus (ii), (b)(i) agus (ii), agus i ndáil le punann gach suímh leabhair trádála nó gach suímh leabhair neamhthrádála atá faoi réir an riosca malairte eachtraí agus riosca tráchtearraí a shanntar do na deasca trádála ar thug siad cead do na hinstitiúidí inniúla an cur chuige malartach samhla inmheánaí a úsáid ina leith i gcomhréir le hAirteagal 325az(2).
Airteagal 430 3.

De bhreis ar thuairisciú maidir le ceanglais stuamachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tuairisceoidh institiúidí faisnéis airgeadais do na húdaráis inniúla atá acu nuair is ceann de na hinstitiúidí seo a leanas í:

(a) 

institiúid atá faoi réir Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;

(b) 

institiúid creidmheasa a ullmhaíonn na cuntais chomhdhlúite atá aici i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta de bhun phointe (b) d'Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

Airteagal 430 4.
Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar institiúidí creidmheasa, a dhéanann na cistí dílse atá acu a chinneadh ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta de bhun Airteagal 24(2), faisnéis airgeadais a thuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 430 5.
Ní bheidh sa tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 ach an fhaisnéis sin is gá chun léargas cuimsitheach a fháil ar phróifíl ►C12  riosca ◄ na hinstitiúide agus na ►C12  riosca ◄ shistéamacha a chuirfidh an institiúid sin ar an earnáil airgeadais nó ar an bhfíorgheilleagar mar a leagtar amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 430 6.
Cuirfear na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos san Airteagal seo i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí ar bhealach comhréireach agus aird á tabhairt ar an tuairisc dá dtagraítear i mír 8, ag féachaint do mhéid na n-institiúidí, do chastacht agus do chineál agus do leibhéal ►C12  riosca ◄ na ngníomhaíochtaí atá acu.
►M17

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na formáidí aonfhoirmeacha tuairiscithe, minicíocht agus dátaí an tuairiscithe, chomh maith leis na sainmhínithe, a shonrú, agus forbróidh sé réitigh TF, lena n-áirítear teimpléid tuairiscithe agus treoracha le haghaidh an tuairiscithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 4.

 ◄

Aon cheanglais nua i ndáil le tuairisciú a leagtar amach i ndréachtchaighdeáin theicniúla den sort sin infheidhme níos luaithe ná sé mhí ón dáta a dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

Chun críocha mhír 2, sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme cé acu na comhpháirteanna den chóimheas luamhánaithe a dhéanfar a thuairisciú agus úsáid á baint as luachanna dheireadh an lae nó dheireadh na míosa. Chun na críche sin, tabharfaidh ÚBE aird ar an dá ghné seo a leanas:

(a) 

a shoghabhála a bheadh comhpháirt i leith laghduithe suntasacha sealadacha i líon na n-idirbheart a d'fhágfadh gannionadaíocht ar an ►C12  riosca ◄ l luamhánaithe iomarcaigh ar dháta an tuairiscithe tagartha;

(b) 

forbairtí agus torthaí ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2021, cé is moite de na cinn a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a) 

an cóimheas luamhánaithe, a chuirfear faoina bhráid faoin 28 Meitheamh 2020;

(b) 

na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 92a agus in Airteagal 92b, a chuirfear faoina bhráid faoin 28 Meitheamh 2020;

(c) 

neamhchosaintí ar CSR, a chuirfear faoina bhráid faoin 10 Iúil 2025.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Article 430 7.
►M17  EBA shall develop draft implementing technical standards to specify the uniform reporting formats, the frequency and dates of reporting, as well as the definitions, and shall develop IT solutions, including reporting templates and instructions for the reporting referred to in paragraphs 1 to 4. ◄

Any new reporting requirements set out in such implementing technical standards shall not be applicable earlier than six months from the date of their entry into force.

For the purposes of paragraph 2, the draft implementing technical standards shall specify which components of the leverage ratio shall be reported using day-end or month-end values. For that purpose, EBA shall take into account both of the following:

(a) 

how susceptible a component is to significant temporary reductions in transaction volumes that could result in an underrepresentation of the risk of excessive leverage at the reporting reference date;

(b) 

developments and findings at international level.

EBA shall submit to the Commission the draft implementing technical standards referred to in this paragraph by 28 June 2021, except in relation to the following:

(a) 

the leverage ratio, which shall be submitted by 28 June 2020;

(b) 

the obligations laid down in Articles 92a and 92b, which shall be submitted by 28 June 2020;

(c) 

exposures to ESG risks, which shall be submitted by 10 July 2025.

Power is conferred on the Commission to adopt the implementing technical standards referred to in the first subparagraph in accordance with Article 15 of Regulation (EU) No 1093/2010.

Airteagal 430 8.

Measúnóidh ÚBE na costais agus na sochair a bheidh ag na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i nGníomh Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún ( 36 ) i gcomhréir leis an mír seo agus tuairisceoidh sé na torthaí chuig an gCoimisiún faoin 28 Meitheamh 2020. Déanfar an measúnú sin a chur i gcrích, go háirithe i ndáil le hinstitiúidí beaga agus neamhchasta. Chun na gcríoch sin, déanfar an méid seo a leanas sa tuarascáil sin:

(a) 

rangófar institiúidí faoi chatagóirí atá bunaithe ar a méid, ar chastacht agus ar chineál agus ar leibhéal ►C12  riosca ◄ na ngníomhaíochtaí atá acu;

(b) 

tomhaisfear na costais tuairiscithe nach mór do gach catagóir institiúide a chur de sa tréimhse ábhartha chun na ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh a leagtar amach i nGníomh Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014, agus na prionsabail seo a leanas á gcur san áireamh:

(i) 

tomhaisfear na costais tuairiscithe mar chóimheas idir na costais tuairiscithe agus costais iomlána na hinstitiúide le linn na tréimhse ábhartha;

(ii) 

is costais tuairiscithe iad gach caiteachas a bhaineann leis na córais tuairiscithe a chur chun feidhme nó a oibriú ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear caiteachas ar fhoireann, ar chórais FT, ar sheirbhísí dlí, cuntasaíochta, iniúchóireachta agus comhairliúcháin;

(iii) 

tagróidh an tréimhse ábhartha do gach tréimhse bhliantúil ina raibh costais tuairiscithe ar institiúidí chun ullmhú do na ceanglais tuairiscithe a chur chun feidhme a leagtar síos i nGníomh Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014, agus leanúint ar aghaidh ag oibriú na gcóras tuairiscithe ar bhonn leanúnach;

(c) 

déanfar a mheas an raibh na costais tuairiscithe, arna dtabhú ag gach catagóir institiúidí, comhréireach leis na tairbhí a thug na ceanglais tuairiscithe chun críocha na maoirseachta stuamachta;

(d) 

measfar an tionchar a bheadh ag laghdú na gceanglas tuairiscithe ar chostais agus ar mhaoirseacht éifeachtach; agus

(e) 

déanfar moltaí faoin dóigh le laghdú a dhéanamh ar na ceanglais tuairiscithe, i gcás institiúidí beaga neamhchasta, ar a laghad; chuige sin, beidh sé mar sprioc ag ÚBE an meánchostas a bhfuiltear ag súil leis a laghdú 10 %, ar a laghad, ach 20 % más féidir. Déanfaidh ÚBE a mheas, go háirithe, an bhféadfaí:

(i) 

na ceanglais tuairiscithe dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1 a tharscaoileadh i gcás institiúidí beaga neamhchasta agus i gcás ina raibh ualú sócmhainní faoi bhun tairseach áirithe;

(ii) 

minicíocht an tuairiscithe a cheanglaítear i gcomhréir le pointe (a), pointe (c) agus pointe (g) de mhír 1 a laghdú d'institiúidí beaga neamhchasta.

Leis an tuarascáil sin ó ÚBE, gabhfaidh dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7.

Airteagal 430 9.

Rachaidh údaráis inniúla i gcomhairle le ÚBE chun a shocrú ar cheart d'institiúidí, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4, tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le mír 3, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

níl na hinstitiúidí ábhartha ag tuairisciú cheana féin ar bhonn comhdhlúite;

(b) 

tá na hinstitiúidí ábhartha faoi réir creat cuntasaíochta i gcomhréir le Treoir 86/635/CEE;

(c) 

meastar go bhfuil an tuairisciú airgeadais riachtanach chun léargas cuimsitheach a thabhairt ar phróifíl ►C12  riosca ◄ a bhaineann le gníomhaíochtaí na n-institiúidí sin agus ar na ►C12  riosca ◄ shistéamacha a chuirfidh siad ar an earnáil airgeadais nó ar an bhfíorgheilleagar mar a leagtar amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 1093/2010.

Cuirfidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtoll a chéile chun na formáidí agus na teimpléid a shonrú a mbainfidh na hinstitiúidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír úsáid astu chun na gcríoch sin a leagtar amach san fhomhír sin.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 430 10.
I gcás ina measann údarás inniúil gur gá faisnéis nach gcumhdaítear le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 chun na gcríoch a leagtar amach i mír 5, cuirfidh sé ÚBE agus BERS ar an eolas faoin bhfaisnéis bhreise a mheasann sé is gá a áireamh sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear san fhomhír sin.
Airteagal 430 11.
Féadfaidh údaráis inniúla an ceanglas a tharscaoileadh maidir le cur isteach aon cheann de na pointí sonraí a leagtar amach sna teimpléid tuairiscithe a shonraítear sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo i gcás ina mbíonn na pointí sonraí sin dúblálach. Chun na gcríoch sin, déanfaidh pointí sonraí dúblacha tagairt d'aon phointí sonraí faisnéise atá ar fáil cheana do na húdaráis inniúla ar bhealach eile seachas trí na teimpléid tuairiscithe sin a bhailiú, lena n-áirítear i gcás inar féidir na pointí sonraí sin a fháil ó shonraí atá ar fáil cheana féin do na húdaráis inniúla i bhformáidí éagsúla nó ar leibhéil éagsúla gráinneachta; ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil na dílúintí dá dtagraítear sa mhír seo a dhéanamh ach amháin i gcás inarb ionann na sonraí a bhaileofar, a chomhordófar, nó a chomhiomlánófar trí mhodhanna malartacha den sórt sin agus na pointí sonraí a bheadh le tuairisciú i gcás ar bith eilei gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi seach;

Bainfidh na húdaráis inniúla, na húdaráis réitigh agus na húdaráis ainmnithe úsáid as an malartú sonraí, nuair is féidir, chun na ceanglais tuairiscithe a laghdú. Beidh feidhm ag na forálacha maidir le faisnéis a mhalartú agus rúndacht ghairmiúil faoi mar a leagtar síos i Roinn II de Chaibidil I de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas