+Airteagal 430c Tuarascáil féidearthachta maidir leis an gcóras comhtháite tuairiscithe
---+Airteagal 430c 1.
---+Airteagal 430c 2.
---+Airteagal 430c 3.
|
Airteagal 430c Tuarascáil féidearthachta maidir leis an gcóras comhtháite tuairiscithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 430c 1.
|
Cuirfidh ÚBE tuarascáil féidearthachta i dtoll a chéile maidir le córas comhsheasmhach comhtháite a fhorbairt chun sonraí staidrimh, sonraí réitigh agus sonraí stuamachta a bhailiú agus cuirfear na torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020.
|
|
Airteagal 430c 2.
|
Agus an tuarascáil féidearthachta á dréachtú, féachfaidh ÚBE chuige go mbeidh lámh ann ag na húdaráis inniúla, chomh maith leis na húdaráis atá freagrach as scéimeanna ráthaíochta taiscí, as réitigh agus go háirithe CEBC. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil an obair atá déanta cheana féin ag CEBC maidir le bailiúcháin chomhtháite sonraí agus beidh sí bunaithe ar anailís fhoriomlán costais agus tairbhe, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:
(a)
forléargas ar chainníocht, raon feidhme, bunús agus gráinneacht na sonraí reatha arna mbailiú ag na húdaráis inniúla ina ndlínse;
(b)
bunú foclóra chaighdeánaigh de na sonraí atá le bailiú d'fhonn cur le cóineasú na gceanglas tuairiscithe ó thaobh oibleagáidí tuairiscithe tráthrialta, agus chun fiosruithe neamhriachtanach a sheachaint;
(c)
bunú comhchoiste, ar a mbeadh ÚBE agus CEBC ar a laghad, chun an córas comhtháite tuairiscithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm;
(d)
indéantacht agus dearadh a d'fhéadfadh a bheith ag lárphointe bailithe sonraí don chóras tuairiscithe comhtháite, lena n-áirítear ceanglais maidir le rúndacht na sonraí a bhaileofar, fíordheimhniú láidir agus bainistiú na gceart rochtana ar an gcóras agus cibearshlándáil:
(i)
ina mbeadh clár lárnach sonraí leis na sonraí staidrimh, sonraí réitigh agus sonraí stuamachta ar fad, sa ghráinneacht agus sa mhinicíocht is gá don institiúid áirithe agus arna dtabhairt cothrom le dáta leis an tráthúlacht is gá;
(ii)
a d'fhónfadh mar phointe teagmhála do na húdaráis inniúla, áit a ndéanfaidís gach cuardach sonraí a fháil, a phróiseáil agus a chomhthiomsú, áit ar féidir cuardaigh a chur le sonraí tuairiscithe atá bailithe cheana féin agus trínar féidir leis na húdaráis inniúla rochtain thapa a fháil ar an bhfaisnéis a iarradh;
(iii)
a thabharfadh tacaíocht bhreise do na húdaráis inniúla i ndáil le tarchur na gcuardach sonraí chuig na hinstitiúidí agus a chuirfeadh na sonraí arna n-iarradh isteach sa chlár lárnach sonraí;
(iv)
a mbeadh ról comhordúcháin aige i ndáil le malartú faisnéise agus sonraí idir údaráis inniúla; agus
(v)
cuirtear san áireamh imeachtaí agus próisis na nÚdarás inniúla agus aistrítear iad go córas caighdeánaithe.
|
|
Airteagal 430c 3.
|
Taobh istigh de bhliain amháin ó thíolacadh na tuarascála dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí agus tar éis dó tuarascáil féidearthachta ÚBE a chur san áireamh, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle le haghaidh córas tuairiscithe caighdeánaithe, comhtháite a bhunú do cheanglais thuairiscithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|