+Airteagal 433 Minicíocht agus raon feidhme na nochtuithe

Airteagal 433 Minicíocht agus raon feidhme na nochtuithe

Airteagal 433

Minicíocht agus raon feidhme na nochtuithe

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis a éilítear faoi Theidil II agus III sa chaoi a leagtar amach san Airteagal seo, Airteagail 433a, 433b, 433c agus 434.

Foilseoidh ÚBE nochtuithe bliantúla ar a shuíomh gréasáin ar an lá céanna a fhoilseoidh na hinstitiúidí a ráitis airgeadais nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

Foilseoidh ÚBE nochtuithe leathbhliantúla agus ráithiúla ar a shuíomh gréasáin ar an lá céanna a fhoilseoidh na hinstitiúidí a dtuarascálacha airgeadais don tréimhse chomhfhreagrach, i gcás inarb infheidhme, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

Beidh aon mhoill idir dáta foilsithe na nochtuithe a cheanglaítear faoin gCuid seo agus dáta foilsithe na ráiteas airgeadais ábhartha réasúnta agus, ar aon chaoi, ní rachaidh sí thar an tréimhse ama a leagfaidh na húdaráis inniúla amach de bhun Airteagal 106 de Threoir 2013/36/AE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas