+Airteagal 434a Formáidí aonfhoirmeacha don nochtadh

Airteagal 434a Formáidí aonfhoirmeacha don nochtadh

Airteagal 434a

Formáidí aonfhoirmeacha don nochtadh

▼M17

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáidí nochta aonfhoirmeacha agus faisnéis ar an mbeartas um chur isteach arís a shonrú, agus forbróidh sé réitigh TF, lena n-áirítear treoracha, maidir le nochtuithe a éilítear faoi Theideal II agus III.

▼M8

Cuirfidh na formáidí aonfhoirmeacha sin faisnéis ar leor a cuimsitheacht agus a hinchomparáideacht in iúl d'úsáideoirí na faisnéise sin chun próifílí ►C12  riosca ◄ institiúidí agus a mhéid atá siad ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i gCodanna a hAon go dtí a Seacht a mheasúnú. Chun inchomparáideacht na faisnéise a éascú, féachfar sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena áirithiú go mbeidh formáidí don nochtadh comhsheasmhach le caighdeáin idirnáisiúnta do nochtaí.

Beidh formáidí aonfhoirmeacha don nochtadh i bhformáid tábla nuair is iomchuí.

▼M17

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.

▼M8

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas