+Airteagal 434c Tuarascáil ar a indéanta atá sé an fhaisnéis arna tuairisciú ag institiúidí seachas institiúidí beaga agus neamhchasta a úsáid chun tacar leathnaithe de nochtuithe a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin ÚBE

Airteagal 434c Tuarascáil ar a indéanta atá sé an fhaisnéis arna tuairisciú ag institiúidí seachas institiúidí beaga agus neamhchasta a úsáid chun tacar leathnaithe de nochtuithe a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin ÚBE

Airteagal 434c

Tuarascáil ar a indéanta atá sé an fhaisnéis arna tuairisciú ag institiúidí seachas institiúidí beaga agus neamhchasta a úsáid chun tacar leathnaithe de nochtuithe a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin ÚBE

Ullmhóidh ÚBE tuarascáil maidir lena indéanta atá sé úsáid a bhaint as an bhfaisnéis arna tuairisciú ag institiúidí seachas institiúidí beaga agus neamhchasta d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 430 chun an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus an t-ualach neamhchosanta a laghdú do na hinstitiúidí sin dá réir.

Breithneofar sa tuarascáil sin an obair a rinne ÚBE roimhe seo maidir le bailiúcháin chomhtháite sonraí, beidh sí bunaithe ar anailís fhoriomlán costais agus tairbhe, lena n-áirítear costais arna dtabhú ag na húdaráis inniúla, na hinstitiúidí agus ÚBE, agus breithneofar inti aon dúshláin theicniúla, oibríochtúla agus dhlíthiúladlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ann.

Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, tráth nach déanaí ná an 10 Iúil 2027.

Cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach bunaithe ar an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2031.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas