|
+Airteagal 437 Nochtadh cistí dílse |
Airteagal 437 Nochtadh cistí dílseAirteagal 437 Nochtadh cistí dílse Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh maidir lena gcistí dílse:
(a)
réiteach iomlán ar ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, d'ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, d'ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 agus na scagairí agus na hasbhaintí a chuirtear i bhfeidhm maidir le cistí dílse na hinstitiúide de bhun Airteagail 32 go 36, Airteagail 56, 66 agus 79, agus an clár comhardaithe i ráitis airgeadais iniúchta na hinstitiúide;
(b)
tuairisc ar na príomhghnéithe d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 agus d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag an institiúid;
(c)
téarmaí agus coinníollacha iomlána gach ionstraime de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2;
(d)
nochtadh ar leithligh ar chineál agus ar mhéideanna na nithe seo a leanas:
(i)
gach scagaire stuamachta a chuirtear i bhfeidhm de bhun Airteagail 32 go 35;
(ii)
ítimí a asbhaintear de bhun Airteagal 36, Airteagal 56, Airteagal 66;
(iii)
ítimí nach n-asbhaintear de bhun Airteagail 47, 48, 56, 66 agus 79;
(e)
tuairisc ar na srianta go léir a chuirtear i bhfeidhm maidir le ríomh cistí dílse i gcomhréir leis an Rialachán seo agus na hionstraimí, scagairí stuamachta agus na hasbhaintí a bhfuil feidhm ag na srianta sin maidir leo;
(f)
míniú cuimsitheach ar an mbonn ar a ríomhtar cóimheasa caipitil i gcás go ríomhtar na cóimheasa caipitil sin ag úsáid eilimintí de chistí dílse arna gcinneadh ar bhonn seachas é sin a leagtar síos sa Rialachán seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|