|
+Airteagal 447 Príomh-mhéadrachtaí a nochtadh |
Airteagal 447 Príomh-mhéadrachtaí a nochtadhAirteagal 447 Príomh-mhéadrachtaí a nochtadh Nochtfaidh institiúidí na príomh-mhéadrachtaí seo a leanas i bhformáid tábla:
(a)
comhdhéanamh a gcistí dílse agus a gcóimheas caipitil riosca a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(2);
(aa)
i gcás inarb infheidhme, na cóimheasa caipitil riosca-bhunaithe a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(2), ag úsáid an mhéid neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta seachas an méid iomlán neamhchosanta ar riosca;
(b)
an méid iomlán neamhchosanta ar riosca a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3), agus, i gcás inarb infheidhme, an méid iomlán neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(4);
(c)
i gcás inarb infheidhme, méid agus comhdhéanamh cistí dílse breise a cheanglaítear ar na hinstitiúidí a shealbhú i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 104(1) de Threoir 2013/36/AE;
(d)
an ceanglas maoláin chomhcheangailte a cheanglaítear ar na hinstitiúidí a shealbhú i gcomhréir le Caibidil 4 de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE;
(e)
a gcóimheas luamhánaithe agus an tomhas iomlán ►C12 neamhchosainta ◄ mar a ríomhtar é i gcomhréir le hAirteagal 429;
(f)
an fhaisnéis seo a leanas maidir lena gcóimheas cumhdaigh leachtachta mar a ríomhtar é i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1):
(i)
an meán nó na meáin, de réir mar is infheidhme, den chóimheas cumhdaigh leachtachta atá acu ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;
(ii)
meán nó meáin, de réir mar is infheidhme, na sócmhainní leachtacha iomlána, tar éis na caolchorrlaigh ábhartha a chur i bhfeidhm, a áirítear ar an maolán leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;
(iii)
meáin a n-eis-sreafaí leachtachta, a n-insreafaí leachtachta agus a nglan-eis-sreafaí leachtachta mar a ríomhtar iad de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;
(g)
an fhaisnéis seo a leanas i ndáil lena gceanglas glanchistiúcháin chobhsaí mar a ríomhtar é i gcomhréir le Teideal IV de Chuid a Sé:
(i)
an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí ag deireadh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;
(ii)
an glanchistiúchán cobhsaí atá ar fáil ag deireadh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;
(iii)
an glanchistiúchán cobhsaí a cheanglaítear ag deireadh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;
(h)
cóimheasa a gcistí dílse agus a ndliteanas incháilithe agus a gcomhpháirteanna, an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir, mar a ríomhtar iad i gcomhréir le hAirteagal 92a agus le hAirteagal 92b agus arna miondealú ar leibhéal gach grúpa imréitigh, i gcás inarb infheidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|