+Airteagal 449a 3.

Airteagal 449a 3.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar formáidí aonfhoirmeacha nochta, mar a leagtar síos in Airteagal 434a, le haghaidh rioscaí CSR, lena n-áiritheofar go bhfuil siad comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta agus go seasfaidh siad leis agus, ag an am céanna, aon dúbailt ar cheanglais a bunaíodh cheana féin maidir le nochtadh i ndlí an Aontais is infheidhme á seachaint. Ní éileofar sna formáidí sin faisnéis a nochtadh thar an bhfaisnéis atá le tuairisciú d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (h), agus déanfar, leis na formáidí sin, méid agus castacht na hinstitiúide agus neamhchosaint ábhartha na n-institiúidí beaga neamhchasta ar rioscaí CSR, faoi réir Airteagal 433b, go háirithe a chur san áireamh.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas