+Airteagal 449a Rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (rioscaí CSR) a nochtadh
---+Airteagal 449a 1.
---+Airteagal 449a 2.
---+Airteagal 449a 3.

Airteagal 449a Rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (rioscaí CSR) a nochtadh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 449a 1.
Nochtfaidh institiúidí faisnéis maidir le rioscaí CSR, agus déanfaidh siad idirdhealú idir rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus rioscaí fisiciúla agus rioscaí aistrithe maidir le rioscaí comhshaoil.
Airteagal 449a 2.

Chun críocha mhír 1, nochtfaidh institiúidí faisnéis maidir le rioscaí CSR, lena n-áirítear an méid a leanas:

(a) 

méid iomlán na neamhchosaintí ar eintitis in earnáil na mbreoslaí iontaise;

(b) 

an chaoi a gcomhtháthaíonn institiúidí rioscaí CSR sainaitheanta ina straitéis ghnó agus ina bpróisis ghnó, agus ina rialachas agus ina mbainistíocht riosca.

Airteagal 449a 3.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar formáidí aonfhoirmeacha nochta, mar a leagtar síos in Airteagal 434a, le haghaidh rioscaí CSR, lena n-áiritheofar go bhfuil siad comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta agus go seasfaidh siad leis agus, ag an am céanna, aon dúbailt ar cheanglais a bunaíodh cheana féin maidir le nochtadh i ndlí an Aontais is infheidhme á seachaint. Ní éileofar sna formáidí sin faisnéis a nochtadh thar an bhfaisnéis atá le tuairisciú d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (h), agus déanfar, leis na formáidí sin, méid agus castacht na hinstitiúide agus neamhchosaint ábhartha na n-institiúidí beaga neamhchasta ar rioscaí CSR, faoi réir Airteagal 433b, go háirithe a chur san áireamh.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas