+Airteagal 451 An cóimheas luamhánaithe a nochtadh
---+Airteagal 451 1.
---+Airteagal 451 2.
---+Airteagal 451 3.
|
Airteagal 451 An cóimheas luamhánaithe a nochtadh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 451 1.
|
Institiúidí atá faoi réir Chuid a Seacht, nochtfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas maidir lena gcóimheas luamhánaithe mar a ríomhtar é i gcomhréir le hAirteagal 429 agus an bhainistíocht a dhéanann siad ar an
►C12
riosca ◄ luamhánaithe iomarcaigh:
(a)
an cóimheas luamhánaithe agus an chaoi a gcuireann na hinstitiúidí Airteagal 499(2) i bhfeidhm;
(b)
miondealú ar thomhas na
►C12
neamhchosainta ◄ iomláine dá dtagraítear in Airteagal 429(4), mar aon le réiteach ar thomhas na
►C12
neamhchosainta ◄ iomláine leis an bhfaisnéis ábhartha a nochtar i ráitis airgeadais fhoilsithe;
(c)
i gcás inarb infheidhme, méid na
►C12
neamhchosaint ◄ arna sainmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 429(8) agus Airteagal 429a(1) agus an cóimheas coigeartaithe luamhánaithe mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 429a(7);
(d)
tuairisc ar na próisis a úsáideadh chun an
►C12
riosca ◄ luamhánaithe iomarcaigh a bhainistiú;
(e)
tuairisc ar na fachtóirí a raibh tionchar acu ar an gcóimheas luamhánaithe le linn na tréimhse a dtagraíonn an cóimheas luamhánaithe nochta dó;
▼M17
(f)
méid na gceanglas cistí dílse breise atá bunaithe ar an bpróiseas athbhreithniúcháin maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 104(1), pointe (a), de Threoir 2013/36/AE chun aghaidh a thabhairt ar an riosca maidir le luamhánú iomarcach agus a chomhdhéanamh.
▼M8
|
|
Airteagal 451 2.
|
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa forbartha poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 429a(2) an cóimheas luamhánaithe gan an coigeartú ar thomhas na
►C12
neamhchosainta ◄ iomláine a chinntear i gcomhréir le pointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 429a(1).
|
|
Airteagal 451 3.
|
De bhreis ar phointe (a) agus pointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, nochtfaidh institiúidí móra an cóimheas luamhánaithe agus an miondealú ar thomhas na
►C12
neamhchosainta ◄ iomláine dá dtagraítear in Airteagal 429(4) bunaithe ar na meáin arna ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 430(7).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|