|
+Airteagal 451a 2. |
Airteagal 451a 2.Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir lena gcóimheas cumhdaigh leachtachta mar a ríomhtar é i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1):
(a)
an meán nó na meáin, de réir mar is infheidhme, den chóimheas cumhdaigh leachtachta atá acu ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;
(b)
meán nó meáin, de réir mar is infheidhme, na sócmhainní leachtacha iomlána, tar éis na caolchorrlaigh ábhartha a chur i bhfeidhm, a áirítear ar an maolán leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta, agus tuairisc ar chomhdhéanamh an mhaoláin leachtachta sin;
(c)
meáin a n-eis-sreafaí leachtachta, a n-insreafaí leachtachta agus a nglan-eis-sreafaí leachtachta mar a ríomhtar iad i gcomhréir leis an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|