+Airteagal 451a Na ceanglais leachtachta a nochtadh
---+Airteagal 451a 1.
---+Airteagal 451a 2.
---+Airteagal 451a 3.
---+Airteagal 451a 4.

Airteagal 451a Na ceanglais leachtachta a nochtadh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 451a 1.
Institiúidí atá faoi réir Chuid a Sé, nochtfaidh siad faisnéis maidir lena gcóimheas cumhdaigh leachtachta, a gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí agus a mbainistíocht ►C12  riosca ◄ leachtachta i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 451a 2.

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir lena gcóimheas cumhdaigh leachtachta mar a ríomhtar é i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1):

(a) 

an meán nó na meáin, de réir mar is infheidhme, den chóimheas cumhdaigh leachtachta atá acu ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;

(b) 

meán nó meáin, de réir mar is infheidhme, na sócmhainní leachtacha iomlána, tar éis na caolchorrlaigh ábhartha a chur i bhfeidhm, a áirítear ar an maolán leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta, agus tuairisc ar chomhdhéanamh an mhaoláin leachtachta sin;

(c) 

meáin a n-eis-sreafaí leachtachta, a n-insreafaí leachtachta agus a nglan-eis-sreafaí leachtachta mar a ríomhtar iad i gcomhréir leis an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta.

Airteagal 451a 3.

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas i ndáil lena gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí mar a ríomhtar é i gcomhréir le Teideal IV de Chuid a Sé:

(a) 

figiúirí dheireadh na ráithe maidir lena gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomhtar i gcomhréir le Caibidil 2 de theideal IV de Chuid a Sé le haghaidh gach ráithe den tréimhse nochta ábhartha;

(b) 

léargas ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomhtar i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal IV de Chuid a Sé;

(c) 

léargas ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí a cheanglaítear, a ríomhtar i gcomhréir le Caibidil 4 de Theideal IV de Chuid a Sé.

Airteagal 451a 4.
Nochtfaidh institiúidí na socruithe, na córais, na próisis agus na straitéisí atá curtha i bhfeidhm chun a ►C12  riosca ◄ leachtachta a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air i gcomhréir le hAirteagal 86 de Threoir 2013/36/AE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas