+Airteagal 453 Nochtadh úsáid teicnící um maolú►C12riosca◄creidmheasa

Airteagal 453 Nochtadh úsáid teicnící um maolú►C12riosca◄creidmheasa

Airteagal 453

Nochtadh úsáid teicnící um maolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa

Nochtfaidh institiúidí a úsáideann teicnící um maolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

croíghnéithe na mbeartas agus na bpróiseas don ghlanluacháil laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus léiriú ar a mhéid a bhaineann institiúidí úsáid as glanluacháil den sórt sin;

(b) 

croíghnéithe na mbeartas agus na bpróiseas le haghaidh meastóireacht agus bainistíocht chomhthaobhach incháilithe;

(c) 

tuairisc ar na príomhchineálacha comhthaobhachta arna nglacadh ag an institiúid chun an ►C12  riosca ◄ creidmheasa a mhaolú;

(d) 

i gcás ráthaíochtaí agus díorthach creidmheasa a úsáidtear mar chosaint chreidmheasa, na príomhchineálacha ráthóirí agus contrapháirtithe díorthach creidmheasa, agus a n-acmhainneacht creidmheasa, a úsáidtear chun ceanglais chaipitil a laghdú, cé is moite de na cinn a úsáidtear mar chuid de struchtúir urrúsúcháin shintéiseacha;

(e) 

faisnéis faoi chomhchruinnithe margaidh nó ►C12  riosca ◄ creidmheasa laistigh den mhaolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa a glacadh;

(f) 

i gcás institiúidí a ríomhann méideanna ►C12  neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó faoin gCur Chuige IRB, luach iomlán na ►C12  neamhchosainta ◄ nach bhfuil cumhdaithe ag aon chosaint chreidmheasa incháilithe agus luach iomlán na ►C12  neamhchosainta ◄ atá cumhdaithe ag cosaint chreidmheasa incháilithe tar éis coigeartuithe luaineachta a chur i bhfeidhm; Déanfar an nochtadh a leagtar amach sa phointe seo ar leithligh i gcás iasachtaí agus urrúis fiachais agus áireofar miondealú ar ►C12  neamhchosainti ◄ mainnithe;

(g) 

an fachtóir coinbhéartaithe comhfhreagrach agus an maolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa a bhaineann leis an ►C12  neamhchosainta ◄ agus úsáid na dteicnící um maolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa, ag cur na héifeachta ionadaíochta san áireamh agus gan í a chur san áireamh;

(h) 

i gcás institiúidí a dhéanann méideanna ►C12  neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ de a ríomh faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, an luach ►C12  neamhchosainta ◄ laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe de réir na haicme ►C12  neamhchosainta ◄ sula ndéantar, agus a ndéanfar, fachtóirí coinbhéartaithe agus aon mhaolú gaolmhar ►C12  riosca ◄ creidmheasa a chur i bhfeidhm;

(i) 

i gcás institiúidí a ríomhann méideanna ►C12  neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, an méid ►C12  neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ agus an cóimheas idir an méid ►C12  neamhchosainta ◄ sin atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ agus luach na ►C12  neamhchosainta ◄ tar éis an fachtóir coinbhéartaithe comhfhreagrach agus an maolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa a bhaineann leis an ►C12  neamhchosaint ◄ a chur i bhfeidhm; déanfar an nochtadh a leagtar amach sa phointe seo ar leithligh i gcás gach aicme ►C12  neamhchosainta ◄ ;

(j) 

i gcás institiúidí a ríomhann méideanna ►C12  neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ faoin gCur Chuige Inmheánach bunaithe ar Rátálacha, an méid ►C12  neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ sula n-aithnítear tionchar an mhaolaithe ►C12  riosca ◄ creidmheasa ar dhíorthaigh chreidmheasa agus dá éis; i gcás ina bhfuil cead faighte ag institiúidí a LGDanna agus a bhfachtóirí coinbhéartaithe féin a úsáid chun méideanna ►C12  neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ a ríomh, déanfaidh siad an nochtadh a leagtar amach sa phointe seo ar leithligh i gcás na n-aicmí ►C12  neamhchosainta ◄ atá faoi réir an cheada sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas