+Airteagal 456 Gníomhartha tarmligthe
---+Airteagal 456 1.
---+Airteagal 456 2.

Airteagal 456 Gníomhartha tarmligthe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 456 1.

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 462, maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(a) 

soiléiriú ar na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagail 4, 45, 142, 153, 192, 242, 272, 300, 381agus 411 d'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin sin a áirithiú.

(b) 

soiléiriú ar na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagail 4, 45, 142, 153, 192, 242, 272, 300, 381 agus 411 d'fhonn forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh, le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(c) 

leasú ar an liosta d'aicmí na ►C9  neamhchosanta ◄ in Airteagal 112 agus Airteagal 147 d'fhonn forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh;

▼M17

(d) 

an méid a shonraítear in Airteagal 123(1), pointe (b), Airteagal 147(5), pointe (a), Airteagal 153(4) agus Airteagal 162(4), chun éifeachtaí boilscithe a chur san áireamh;

▼B

(e) 

liosta agus aicmiú na n-ítimí sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe in Iarscríbhinn I agus II, d'fhonn forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh:

▼M9 —————

▼B

(h) 

leasú ar cheanglais chistí dílse mar a leagtar amach in Airteagal 301 go hAirteagal 311 den Rialachán seo iad agus Airteagail 50a go 50d de Rialachán (AE) 648/2012 agus leis na forbairtí nó na leasuithe a dhéanfar ar na caighdeáin idirnáisiúnta do ►C9  neamhchosaintí ◄ ar chontrapháirtí lárnach;

(i) 

soiléiriú ar na téarmaí dá dtagraítear sna díolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 400;

(j) 

leasú ar an tomhas caipitil agus ar thomhas na ►C9  neamhchosanta ◄ iomláine ar an gcóimheas luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 429(2) d'fhonn aon easnamh a aimsíodh a cheartú ar bhonn an tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 430(1) sula gcaithfidh institiúidí an cóimheas luamhánaithe a fhoilsiú mar atá leagtha amach in Airteagal 451(1)(a);

▼M8

(k) 

leasuithe ar na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos i dTeideal II agus Teideal III de Chuid a hOcht d'fhonn forbairtí nó leasuithe ar na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le nochtadh a chur san áireamh.

▼B

Airteagal 456 2.

Déanfaidh ÚBE faireachán ar na ceanglais chistí dílse do ►C9  riosca ◄ coigeartaithe luachála creidmheasa agus tíolacfaidh sé tuarascail don Choimisiún faoin 1 Eanáir 2015. Is é seo a leanas, go háirithe, a mheasfar sa tuarascáil sin:

(a) 

láimhseáil ►C9  riosca ◄ a bhaineann le coigeartú luachála creidmheasa mar mhuirear neamhspleách seachas mar ghné chomhdhlúite den chreat ►C9  riosca ◄ margaidh

(b) 

raon feidhme an mhuirir ►C9  riosca ◄ CVAlena n-áirítear an díolúine in Airteagal 482;

(c) 

fálú incháilithe;

(d) 

ceanglais chaipitil ó thaobh ►C9  riosca ◄ CVA a ríomh;

Ar bhonn na tuarascála sin agus i gcás ina gcinntear gur gá sin a dhéanamh, tabharfar de chumhacht freisin don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 chun Airteagal 381, 382(1)(4) go (3) agus Airteagal 383 go hAirteagal 386 a leasú maidir leis na hítimí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas