|
+Airteagal 456 1. |
Airteagal 456 1.Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 462, maidir leis na gnéithe seo a leanas:
(a)
soiléiriú ar na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagail 4, 45, 142, 153, 192, 242, 272, 300, 381agus 411 d'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin sin a áirithiú.
(b)
soiléiriú ar na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagail 4, 45, 142, 153, 192, 242, 272, 300, 381 agus 411 d'fhonn forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh, le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(c)
leasú ar an liosta d'aicmí na ►C9 neamhchosanta ◄ in Airteagal 112 agus Airteagal 147 d'fhonn forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh;
(d)
an méid a shonraítear in Airteagal 123(1), pointe (b), Airteagal 147(5), pointe (a), Airteagal 153(4) agus Airteagal 162(4), chun éifeachtaí boilscithe a chur san áireamh;
(e)
liosta agus aicmiú na n-ítimí sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe in Iarscríbhinn I agus II, d'fhonn forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh: ▼M9 —————
(h)
leasú ar cheanglais chistí dílse mar a leagtar amach in Airteagal 301 go hAirteagal 311 den Rialachán seo iad agus Airteagail 50a go 50d de Rialachán (AE) 648/2012 agus leis na forbairtí nó na leasuithe a dhéanfar ar na caighdeáin idirnáisiúnta do ►C9 neamhchosaintí ◄ ar chontrapháirtí lárnach;
(i)
soiléiriú ar na téarmaí dá dtagraítear sna díolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 400;
(j)
leasú ar an tomhas caipitil agus ar thomhas na ►C9 neamhchosanta ◄ iomláine ar an gcóimheas luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 429(2) d'fhonn aon easnamh a aimsíodh a cheartú ar bhonn an tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 430(1) sula gcaithfidh institiúidí an cóimheas luamhánaithe a fhoilsiú mar atá leagtha amach in Airteagal 451(1)(a);
(k)
leasuithe ar na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos i dTeideal II agus Teideal III de Chuid a hOcht d'fhonn forbairtí nó leasuithe ar na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le nochtadh a chur san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|