+Airteagal 468 1.

Airteagal 468 1.

De mhaolú ar Airteagal 35, féadfaidh na hinstitiúidí, go dtí an 31 Nollaig 2025 (tréimhse na láimhseála sealadaí), méid A, arna chinneadh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, a bhaint ó ríomh a gcuid ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1:

A = a · f

I gcás inarb é:

a

= méid na ngnóthachan nó na gcaillteanas neamhréadaithe arna gcarnadh ón 31 Nollaig 2019 a áiríodh mar “athruithe ar luach cóir ionstraimí fiachais arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile” sa chlár comhardaithe, a chomhfhreagraíonn do neamhchosaintí ar rialtais láir, ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 115(2) den Rialachán seo agus ar eintitis earnála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 116(4) den Rialachán seo, cé is moite de na sócmhainní airgeadais sin a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (“Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9”); agus

f

= an fachtóir is infheidhme le haghaidh gach bliana tuairiscithe le linn thréimhse na láimhseála sealadaí i gcomhréir le mír 2.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas