+Airteagal 468 Láimhseáil shealadach gnóthachan agus caillteanas neamhréadaithe arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile
---+Airteagal 468 1.
---+Airteagal 468 2.
---+Airteagal 468 3.
---+Airteagal 468 4.
---+Airteagal 468 5.
|
Airteagal 468 Láimhseáil shealadach gnóthachan agus caillteanas neamhréadaithe arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 468 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 35, féadfaidh na hinstitiúidí, go dtí an 31 Nollaig 2025 (tréimhse na láimhseála sealadaí), méid A, arna chinneadh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, a bhaint ó ríomh a gcuid ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
A = a · f
I gcás inarb é:
|
a
|
= méid na ngnóthachan nó na gcaillteanas neamhréadaithe arna gcarnadh ón 31 Nollaig 2019 a áiríodh mar “athruithe ar luach cóir ionstraimí fiachais arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile” sa chlár comhardaithe, a chomhfhreagraíonn do neamhchosaintí ar rialtais láir, ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 115(2) den Rialachán seo agus ar eintitis earnála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 116(4) den Rialachán seo, cé is moite de na sócmhainní airgeadais sin a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (“Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9”); agus
|
|
f
|
= an fachtóir is infheidhme le haghaidh gach bliana tuairiscithe le linn thréimhse na láimhseála sealadaí i gcomhréir le mír 2.
|
|
|
Airteagal 468 2.
|
Cuirfidh na hinstitiúidí an fachtóir f ag a bhfuil luach atá cothrom le 1, i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2025 chun méid A dá dtagraítear i mír 1 a ríomh.
|
|
Airteagal 468 3.
|
I gcás ina gcinneann institiúid an láimhseáil shealadach a leagtar amach i mír 1 a chur i bhfeidhm, cuirfidh an institiúid sin a cinneadh in iúl don údarás inniúil ar a laghad 45 lá roimh an dáta cur isteach le haghaidh thuairisciú na faisnéise bunaithe ar an láimhseáil sin. Faoi réir réamhchead an údaráis inniúil, féadfaidh an institiúid a céad chinneadh a fhreaschur uair amháin le linn thréimhse na láimhseála sealadaí. Nochtfaidh institiúidí go poiblí an gcuireann siad an láimhseáil sin i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 468 4.
|
I gcás ina mbaineann institiúid méid caillteanas neamhréadaithe óna hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh sí na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE a ríomhtar agus aon cheann de na hítimí seo a leanas á úsáid a athríomh:
(a)
méid na sócmhainní cánach iarchurtha a asbhaintear as ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 36(1) nó a ualaítear ó thaobh priacal i gcomhréir le hAirteagal 48(4);
(b)
méid na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa.
Le linn di an ceanglas ábhartha a athríomh, ní chuirfidh an institiúid san áireamh na héifeachtaí a bheidh ag soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha maidir le risíochtaí ar rialtais láir, ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 115(2) den Rialachán seo agus ar eintitis san earnáil phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 116(4) den Rialachán seo ar na hítimí sin, cé is moite de na sócmhainní airgeadais sin a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9.
|
|
Airteagal 468 5.
|
Le linn na dtréimhsí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear i gCuid a hOcht a nochtadh, nochtfaidh na hinstitiúidí a chinn an láimhseáil shealadach a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm na méideanna cistí dílse, caipiteal Ghnáthchothromais Leibhéal 1 agus caipiteal Leibhéal 1, an cóimheas caipitil iomlán, cóimheas caipitil Ghnáthchothromais Leibhéal 1, cóimheas caipitil Leibhéal 1 agus an cóimheas luamhánaithe a bheadh acu i gcás nach gcuirfidís an láimhseáil sin i bhfeidhm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|