+Airteagal 473a 2.

Airteagal 473a 2.

Ríomhfaidh na hinstitiúidí na suimeanna A2,SA agus A2,IRB dá dtagraítear, faoi seach, i bpointe (a) agus i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 1 mar an tsuim is mó de na suimeanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo ar bhealach ar leithligh maidir lena neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí agus i gcás neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí:

(a) 

nialas;

(b) 

an tsuim arna ríomh i gcomhréir le pointe (i) lúide an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le pointe (ii):

(i) 

suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach do thréimhse 12 mhí a chinntear i gcomhréir le mír 5.5.5 de IFRS 9 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (“Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9”) móide méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a chinntear i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 amhail ón 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a gcuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair;

(ii) 

méid iomlán na gcaillteanas lagaithe ar shócmhainní airgeadais a aicmítear mar iasachtaí agus earraí infhaighte, infheistíochtaí arna sealbhú go tráth aibíochta agus sócmhainní airgeadais atá ar fáil lena ndíol, mar a shainmhínítear i mír 9 de IAS 39, agus nach ionstraimí cothromais iad ná aonaid nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta, a chinntear i gcomhréir le míreanna 63, 64, 65, 67, 68 agus 70 de IAS 39 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 amhail ón 31 Nollaig 2017 nó ar an lá roimh an dáta a gcuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas